Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 19:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do ghlac sé é go h-áthasach.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Tháinig sé anuas faoi dheifir mar sin agus áthas air le fáilte a fhearadh roimhe.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus tháinic sé anuas go tapaidh, agus ghabh sé chuige é fá lúthgháir.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do chuir sé fáilte roimhe go h‐áthasach.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ag deifriúghadh dhósan, do thuirrling sé, agus do ghabh sé chuige é go luáthgháireach.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach.

Féach an chaibidil



Lúcás 19:6
11 Tagairtí Cros  

Agus nuair a tháinig Íosa chun na h-áite d’fhéach sé suas agus chonaic sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh agus tar anuas, mar is ad’ thigh-se a chaithfead-sa stad indiu.


Agus nuair a chonaic na daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé ar aoidheacht.


Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh ’n-a luighe sa mhainséar.


Agus do dhein Lebhí féasta mór dó ’n-a thigh, agus bhí cuideachta mhór ann de phuibliocánaigh agus de dhaoine eile a bhí ’n-a suidhe chun bídh ’n-a bhfochair.


Agus do baisteadh í féin agus a teaghlach, agus ansan d’iarr sí níd: Má ’sé bhur meas (ar sise) go bhfuilimse dílis do’n Tighearna tagaidh isteach am thigh agus fanaid ann. Agus chuir sí fhiachaibh orainn dul.


agus thug sé isteach ’n-a thigh féin iad agus chuir sé na suidhe chun búird iad, agus bhí gáirdeachas air féin agus an a theaghlach agus a gcreideamh i nDia.


Ansan, an mhuinntir a ghlac a chómhrádh do baisteadh iad, agus do glacadh an lá san tímpall trí mhíle duine.