Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhiónghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus turnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig.
Lúcás 16:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan dubhairt an stíbhard i n’aigne féin. Cad a dhéanfad, ó tá mo mháighistir ag baint na stíbhardaidheachta dhíom? Ní’lim ábalta ar rómhar a dhéanamh; is nár liom déirc do lorg. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt an maor leis féin ina chroí, ‘Cad é a dhéanfas mé, ó tá mo mháistir do mo chur as an maoracht? Níl mé láidir go leor le dul a rómhar, agus ní ligeann an náire dom dul ag iarraidh déirce. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt an stiubhard leis féin: Cad é dhéanfas mé, óir tá mo thighearna ag baint na stuibhardachta díom? Ní thig liom rómhar, agus is náir liom déirc d’iarraidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt an maor ’n‐a aigne féin, Créad do‐ghéanad, agus mo mháighistir ag baint na maoirseachta dhíom? Ní fhuil neart agam chum rómhar do dhéanamh; is nár liom bheith ag iarraidh déirce. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt an sdíobhard ris féin, Créd do dhéana mé? óir atá mo thighearna ag buáin na sdíobhardachda dhióm; ní héidiir leam roghmhar do dheanamh: agus is nair leam déirc iarruidh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba náir liom dul le déirc. An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc. |
Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhiónghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus turnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig.
Agus thánadar go Ierichó. Agus nuair a bhí sé féin agus a dheisgiobuil ag dul amach a’ Ierichó agus mórán daoine i n-aonfheacht leó, bhí an dall, Bar-Timéus, mac Timéi, ’n-a shuidhe i n-aice an bhóthair agus é a d’iarraidh déarca.
Agus do mhachtnaimh sé i n’ aigne agus dubhairt sé: Cad a dhéanfad? óir ní’l áit agam n-a gcruinneóchad mo chuid torthaí.
Agus do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é seo a chloisim ad’ thaobh-sa? Tabhair cúntas ad’ stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad’ stíbhard feasda.
Agus bhí lasmuigh d’á dhorus sínte, bochtán dár bh’ainim Lasarus, agus é lán d’othrasaibh;
Agus thárla go bhfuair an duine bocht bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-ucht Ábrahaim. Agus fuair an fear saidhbhir bás, agus do cuireadh i n-ifreann é.
Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé.
Agus ní déanfadh ar feadh abhfad. Ach ’n-a dhiaidh san dubhairt sé i n’aigne féin, Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine agam,
Ansan dubhairt a chómharsain agus na daoine a chonaic roimis sin é agus é a d’iarraidh déarca: Nách é seo an fear a bhíodh ’n-a shuidhe ag lorg déarca? Agus dubhairt daoine: Isé é.
Agus bhí duine áirithe a bhí ’n-a mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus bhítheas ’ghá iompar. Do curtí gach lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n-iarrfadh sé déirc ar an muinntir a bheadh ag dul isteach sa teampul.
Agus dubhairt seisean agus é ag crith le h-uathbhás: A Thighearna, cad is toil leat a dhéanfainn?