Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL IX. Iompáil phóil chun an chreidimh, agus a dhíoghras. Énéas d’á leigheas ag Peadar, ⁊ Taibíta dá tógaint aige ón mbás.

1 Agus tháinig Saul, agus é ag síorshéide bhagartha bháis i n-aghaidh deisgiobul an Tighearna, ag triall ar phrúnsa na sagart,

2 Agus d’iarr sé air leitreacha thabhairt dó go Damascus, chun na sinagóg, i dtreó dá bhfaghadh sé aon daoine, fir ’ná mná, de ’n tslígh sin, go dtabharfadh sé leis iad gabhtha go Ierúsalem.

3 Agus ag cur na slíghe dhé dhó do thárla go dtáinig sé i gcómhgar do Dhamascus, agus go h-obann do las solus ó neamh ’n-a thímpul.

4 Agus thuit sé chun tailimh agus d’airigh sé an guth ghá rádh leis: A Shaul, a Shaul, cad chuige go bhfuilir am ghéarleanmhaint?

5 Agus dubhairt seisean: Cia h-é thu, a Thighearna? agus eisean: Mise Íosa ’na bhfuilirse am ghéarleanmhaint, is cruaidh ort bheith a’ speachuíol i n-aghaidh an phriocaire.

6 Agus dubhairt seisean agus é ag crith le h-uathbhás: A Thighearna, cad is toil leat a dhéanfainn?

7 Agus dubhairt an Tighearna leis: Eirigh agus imthigh isteach sa chathair agus neósfar sa n-áit sin duit cad tá agat le déanamh. Agus na fir a bhí le n-a chois bhíodar ’n-a seasamh agus uathbhás ortha, agus iad ag éisteacht leis an nguth agus ná feacadar aoinne.

8 Agus d’éirigh Saul de’n talamh agus d’osgail sé a shúile ach ní fheacaidh sé aon nídh. Agus do rugadar ar lámh air agus do sheoladar isteach i nDamascus é.

9 Agus bhí sé ansan trí lá gan radarc, agus níor chaith sé bia ’ná deoch.

10 Agus bhí i nDamascus duine de dheisgiobulaibh an Tighearna agus Ananías ab ainim dó, agus dubhairt an Tighearna leis, i n-aising: A Ananíais! Agus dubhairt seisean: Táim anso, A Thighearna!

11 Agus dubhairt an Tighearna leis: Eirigh agus imthigh go dtí an tsráid ar a dtugtar an Díreach, agus loirg, i dtigh Iúdáis, fear ó Tharsus gur b’ainim dó Saul; mar, féach, tá sé ag guidhe Dé.

12 (Agus chonnaic sé ar fear d’an bh’ainim Ananías agus é ag teacht isteach ag triall air agus ag cur a láimhe air chun radhairc a thabhairt dó.)

13 Ach d’fhreagair Ananías: A Thighearna, d’airigheas i dtaobh an fhir sin, ó n-a lán, méid na n-olc atá déanta aige do d’naoimh i n-Ierúsalem:

14 Agus tá úghdarás anso aige ó uachtaránaibh na sagart chun na ndaoine a ghlaodhann ar t’ainimse do ghabháil.

15 Dubhairt an Thighearna leis: Imthigh ort, óir is árthach toghtha an fear san agamsa chun m’ainime bhreith i láthair geinte agus ríghthe agus clainne Israéil.

16 Mar taisbeánfadsa dó cad iad na néithe móra atá le fulang aige ar son m’ainime.

17 Agus d’imthigh Ananías agus chuaidh sé isteach sa tigh agus chuir sé a lámh air agus dubhairt sé: A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa a thaisbeáin é féin duit ar an slígh agus tu ag teacht, do chuir sé mise chughat ionus go bhfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naomh thu.

18 Agus láithreach do thuit mar bheadh gáinní d’á shúilibh agus fuair sé a radharc agus d’éirigh sé agus do baisteadh é.

19 Agus chaith sé bia agus tháinig neart dó. Agus d’fhan sé raint laethanta i bhfochair na ndeisgiobul a bhí i nDamascus.

20 Agus láithreach, ins na sinagógaibh, bhí sé ag seanmóin i dtaobh Íosa, gur b’ é Mac Dé é.

21 Agus bhí uathbhás ar a raibh ag éisteacht leis, agus deiridís: Nách é seo an fear a bhí ag déanamh íde i n-Ierúsalem ar an muinntir a ghlaodhadh ar an ainim sin, agus nách é gnó a thug anso é ná chun iad do bhreith leis gabhtha ag triall ar uachtaránaibh na sagart?

22 Ach bhí Saul ag neartú go mór agus é ag cur na n-Iúdach ar mearaídhe, a raibh i nDamascus díobh, toisg é bheith ghá dheimhniú gur bh’ é sin an Críost.

23 Agus nuair a bhí a lán laethanta caithte dhein na Iúdaígh a bheartú, do thoil a chéile, go marbhóchaidís é.

24 Ach do fuair Saul eólus ar iad a bheith ar a thí. Agus bhí lucht cimeádta acu ar na geataíbh do ló agus d’oidhche, chun go marbhóchaidís é.

25 Ach do thóg na deisgiobuil é sa n-oidhche agus chuireadar síos de dhruim an fhalla é i gciseán.

26 Agus tháinig sé go Ierúsalem agus mheas sé dul leis na deisgiobuil, ach bhí eagla acu go léir roimis agus ní chreidfidís gur dheisgiobul é.

27 Ach do thóg Barnabas é agus do rug sé ag triall ar na h-Aspoil é agus d’inis sé dhóibh conus mar a chonnaic sé an Tighearna ar an slígh agus gur labhair sé leis, agus conus mar a dhein sé obhair chalma i n-ainim Íosa, i nDamascus.

28 Agus bhí sé ’n-a bhfochair, ag gabháil amach agus ag gabháil isteach i n-Ierúsalem agus obair chalma aige ’á dhéanamh i n-ainim an Tighearna.

29 Do labhradh sé mar an gcéadna leis na geintibh agus bhíodh sé ag díospóireacht leis na Gréagaigh; agus bhíodar san a d’iarraidh é chur chun báis.

30 Fuair na bráithre an nídh sin amach agus do rugadar go Caesaréa é agus chuireadar as san go Tarsus é.

31 Agus bhí síothcháin ag an eaglais ar fuid Iúdaéa go léir agus as fuid Ghalillí agus Shamaría, agus bhí sí ag dul ar aghaid ag gluaiseacht i n-eagla an Tighearna, agus í dá líonadh le sólás an Spioraid Naoimh.

32 Agus do thárla, nuair a bhí Peadar ag tabhairt a chuard sa tímpal ortha, go dtháinig sé chun na naomh a bhí ’n-a gcomhnuíghe i Lidda.

33 Agus fuair sé sa n-áit sin duine d’ár bh’ainim Énéas, a bhí gan lúth a ghéag agus a bhí ar a leabhaidh ar feadh ocht mblian.

34 Agus dubhairt Peadar leir: A Énéis, tá an Tighearna Íosa Críost ag tabhairt sláinte dhuit. Éirigh agus córuigh do leabaidh! Agus d’éirigh sé láithreach.

35 Agus chonnaic muinntir Lidda go léir é agus muinntir Sharóna, agus d’iompuighdar chun an Tighearna.

36 Agus bhí i n-Ioppé bandeisgiobul agus Taibíta ab ainim di, nú, ar mhíniú, Dorcas. Agus bhí a lán deagh-ghniómhartha agus a lán déarca aici sin ’á déanamh.

37 Agus do thárla ins na laethibh sin gur buaileadh breóite í agus go bhfuair sí bás. Agus do níghdar í agus chuireadar sa tseómra uachtarach í.

38 Ach, ó bhí Lidda cómhgasach do Ioppé agus gur airigh na deisgiobuil Peadar a bheith sa n-áith sin, chuireadar beirt fhear chuige ’ghá rádh leis: Ná déin ríghneas gan teacht ag triall orainn.

39 Agus d’eirigh Peadar agus tháinig sé leó. Agus nuair a tháinig sé ann do rugadar suas é go dtí an seómra mór, agus bhí na baintrneacha ’n-a seasamh ’n-a thímpal agus iad ag sile deór agus iad ag taisbeáint na gcótaí agus na mball éadaigh dó a dheineadh Dorcas dóibh.

40 Annsan do chuir Peadar na daoine go léir amach as an seómra agus do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dhein sé úrnuighthe, agus d’iompuigh sé chun an chuirp agus dubhairt sé: A Thaibíta, éirigh! Agus d’osgail sisi a súile agus chonnaic sí Peadar agus d’éirigh sí aniar.

41 Agus thug sé a lámh di agus chuir sé ’n-a seasamh í. Asus do ghlaoidh sé isteach na naoimh agus na baintreacha agus thug sé suas dóibh í ’n-a beathaidh.

42 Ansan do h-innseadh é ar fuaid Ioppé go léir agus do chreid a lán daoine sa Tighearna.

43 Agus do thuit amach gur fhan sé mórán laethanta i n-Ioppé, i dtigh fir gur bh’ ainim dó Símón, fear leathair do leasú.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí