Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 9:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus ag cur na slíghe dhé dhó do thárla go dtáinig sé i gcómhgar do Dhamascus, agus go h-obann do las solus ó neamh ’n-a thímpul.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Ansin nuair a bhí sé ar a aistear agus e ag druidim leis an Damaisc, tháinig solas lonrach go tobann ina thimpeall.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus nuair a bhí sé ag cur an bhóthair de, thárla ag teacht i ngaobhar do’n Damaisc é: agus i dtoibinne shoillsigh solus ó neamh thart fá dtaoibh de.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ag imtheacht dó, thárla go raibh sé ag druidim le Damascus, agus do las solas ó neamh go h‐obann ’n‐a thimcheall:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ag imtheachd do, tháinic sé a bhfogus do Dhamascus: agus go hobann do dheallruidh soillse neimhe mar theinnteach na thimcheall:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Bhí sé ar an mbóthar ann agus é ag druidim le Damaisc nuair a las solas ón spéir ina thimpeall de phreab.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 9:3
10 Tagairtí Cros  

Ach do thárla, agus mé ar an slighe agus ag teacht i gcómhgar do Dhamascus, i lár an lae, gur las am thimpal solus iomarcach ó neámh;


Agus d’imthigh Ananías agus chuaidh sé isteach sa tigh agus chuir sé a lámh air agus dubhairt sé: A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa a thaisbeáin é féin duit ar an slígh agus tu ag teacht, do chuir sé mise chughat ionus go bhfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naomh thu.


Ach do thóg Barnabas é agus do rug sé ag triall ar na h-Aspoil é agus d’inis sé dhóibh conus mar a chonnaic sé an Tighearna ar an slígh agus gur labhair sé leis, agus conus mar a dhein sé obhair chalma i n-ainim Íosa, i nDamascus.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí