Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.
Lúcás 16:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis na neithe sin go léir, agus daoine sanntacha b’eadh iad, agus bhíodar ag déanamh magaidh faoi. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bhí na Fairiséigh, a mbíodh grá acu don airgead, ag éisteacht leis sin uile, agus iad ag fonóid faoi. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus na Fairisínigh, a raibh an tsainnt ionnta, chuala siad na neithe seo uilig, agus rinne siad magadh faoi. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí na Fairisínigh, dream do bhí tugtha do’n tsainnt, do bhí siad ag éisteacht leis na neithibh sin uile; agus do‐rinneadar magadh faoi. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do Chúaladar fós, na Phairisnigh sanntacha, na neithesi uile: agus do rinniodar fonomhad faóision. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí na Fairisínigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi. An Bíobla Naofa 1981 Bhí na Fairisínigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi. |
Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.
Dubhairt sé leó: Druididh siar; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codladh. Agus bhíodar ag fonamhaid uime.
Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint; óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is leis, atá a bheatha.
Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.
Agus bhí na daoine ’n-a seasamh ag féachaint air, agus bhí na h-uachtaráin ag magadh faoi leó, agus deiridís: D’fhóir sé ar dhaoinibh eile, fóireadh sé air féin, má ’sé an Críost é a toghadh ó Dhia.