Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.
Rinne tú Eadóm a chloí agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce, ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scrios?”
is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras
[Thug sé na treoracha seo dá theachtairí: “Seo mar a déarfaidh sibh leis na hIosraelaigh go léir: ‘Ar tharla nó an bhfaca aon duine riamh a leithéid sin ón lá a tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte go dtí an lá seo féin? Machnaígí air, téigí i gcomhairle faoi, agus tugaigí bhur mbreith.’ ”] Gach duine a chonaic, dúradar: “Ní dhearnadh ná ní fhacthas riamh a leithéid ó tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte.”