1 Ríthe 12:16 - An Bíobla Naofa 198116 Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 ¶ Marsin a nuáir do chonncadar Israel uile nach ar éist an rígh riú, do fhreagair án pobal an rígh, dhá rádh, Cred an chuid ronna atá aguinne do Dháibhi? ní mó ata oighreachd aguinn a mac Iesse: éirgidhe dá bhur lóistinibh, a Israel: anois féuch dot thigh féin, a Dháibhi. Marsin do imthigheadar Israel dá lóistinibh. Féach an chaibidil |
cén ceart atá ag aon duine a rá: ‘Cad chuige a ndearna tú seo?”’ Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: “Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis.
Nuair a chonaic Iosrael go léir nár thug an rí aon aird orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael, gach duine agaibh. Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael go léir leo chun a mbothanna.