Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Ríthe 12 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XII. Roinneadh na rígheachda idir Rehoboam, 16 agus Ieroboam.

1 Agus do chuaidh Rehoboam go Sechem: oir thangadar Israel uile go Sechem do dheánamh rígh dhe.

2 Agus tárla, a nuáir do chúala Ieroboam mhac Nébat sin, noch do bhí fós ann sa Négipt, (óir do theith sé as radharc an rígh Soluímh, agus do chomhnuidh Ieroboam ann sa Négipt;)

3 Gur chuireadar fios agus gur ghoireadar aír. Agus tháinic Ieroboam agus comhchruinniughadh Israel uile, agus do labhradar re Rehoboam, gha rádh,

4 Do rinne hathair ar ccuing docrach: anois air a nadhbharsin déanasa serbhís dócamhlach hathar, agus a chuing throm noch do chuir sé orruinne, nios éattruime, agus do dheánam serbhís duit.

5 Agus a dubhairt seision riú, Imthigh fós go ceann thrí lá, annsin tigidh a rís chugam. Agus do imthigheadar an pobal.

6 ¶ Agus do rinne an rígh Rehoboam comhairle ris na seandáoinibh, do sheas a lathair Sholuimh a athar an fad do bhí fós na bheathaigh, agus a dubhairt, Cred í bhur ccomhairle le ttiubhra mé freagra ar an muinntirse?

7 Agus do labhradarsan, dhá radh, Má bhíonn tu ad shearbhfhoghantuigh ag an muinntirse a niugh, agus seirbhís do dhéanamh dhóibh, agus a bhfreagra, agus focail maithe do labhairt riu, annsin beidsion na searbhfhoghantuibh agadsa go bráth.

8 Achd do threíg sé comhairle na seandáoine, noch thugadar dhó, agus do rinne comhairle ris na daóinibh óga dfás na fhochair féin, do sheas na lathair:

9 Agus a dubhairt sé riú, Cred an chomhairle do bheirthise le ttiubhramaois freagra ar an bpobalsa, noch do labhair riom, gha rádh, Déana an chuing do chuir hathair oruinne nios éattruime?

10 Agus do labhradar na dáoine óga tháinic súas na fhochair, ga rádh, Marso labheórus tú ris an bpobalsa do labhair riot, gha rádh, Do rinne hathair ar ccuing trom, achd déanasa níos éadtruime dhúinn í; is marso a déara tú riú, Budh reimhe mo mheur beagsa ná slíasad mathar.

11 Agus anois an tionad ar mhuiridhnigh mathair sibh le cuing thruim, cuirfe mise a gcionn bhur gcuinge: do smachduigh mathair sibh le sciúrsadhuibh, acht smaichdeochuidh misi sibh le sgiúrsadhuibh cailgeamhla.

12 ¶ Marsin thaínic Ieroboam agus an pobal uile go Rehoboam an treas lá, mar do órduigh an rígh, dhá rádh, Tigidh chugam a rís a gcíonn thrí lá.

13 Agus do fhreagair an rígh an pobal go borb, agus do threíg sé comhairle na sean ndaoine noch thugadar dhó;

14 Agus do labhair riú do reír chomhairle na ndaóine óga, dha radh, Dó rinne mathair bhur ccuing trom, agus cuirfidh misi a ccionn bhur ccuinge: do smachduigh mathair sibh mar an gcéadna le sciúrsadhuibh, ácht smaichdeochuidh misi sibh le sciúrsadhuibh cailgeamhla.

15 Uime sin nior éist an rígh ris an bpobal; óir is ón TTIGHEARNA do bhí an chúis, chor go ccoimhlíonfadh sé a fhocal, noch do labhair an TIGHEARNA ré Ahiiah an Siloníteach do Ieroboam mac Nébat.

16 ¶ Marsin a nuáir do chonncadar Israel uile nach ar éist an rígh riú, do fhreagair án pobal an rígh, dhá rádh, Cred an chuid ronna atá aguinne do Dháibhi? ní mó ata oighreachd aguinn a mac Iesse: éirgidhe dá bhur lóistinibh, a Israel: anois féuch dot thigh féin, a Dháibhi. Marsin do imthigheadar Israel dá lóistinibh.

17 Acht ar son chloinne Israel, noch do rinne áitreabh a ccaithreachaibh Iúdah, do bhí Rehoboam ná rígh ós a ccionn.

18 Ann sin do chuir an rígh Rehoboam Adoram, noch do bhí ós cionn an chíosa; agus do chlochadar Israel uile é le clochaibh, go bhfúair sé bás. Uimesin do rinne an rígh Rehoboam deithneas do dhul súas ann a charbad, do theitheamh go Hierusalem.

19 Mar sin do chuáidh Israel a naghaidh thighe Dháibhi gus a niugh.

20 Agus tárla, a nuáir do chúalada Israel uile Ieroboam do theachd a rís, gur chuireadar fios agus gur ghoireadar air chum an chomhchruinnigh, agus go ndéarnadar rígh dhe ós cionn Israel uile: ní raibh éanduine ag leanmhuinn tigh Dháibhi, achd treabh Iúdah amháin.

21 ¶ Agus a nuáir tháinic Rehoboam go Hierusalem, do chruinnigh sé tigh Iúdah, uile maille re treibh Bhéniamin, céud agus ceithre fithchid míle fear toghtha, noch do bhí na luchd cogaidh, do throid a naghaidh thighe Israel, do thabhairt na rioghachda a rís do Rehoboam mhac Soluimh.

22 Acht tháinic bríathar Dé go Semaiah óglach Dé, gha rádh,

23 Labhair ré Rehoboam, mhac Soluímh, rígh Iúdah, agus ré tigh Iúdah agus Bheniámin uile, agus re fuighioll an phobail, dha rádh,

24 As márso a deir an TIGHEARNA, Ní rachtáoi súas, agus ni throidfidhe a naghaidh bhur ndearbhráithreach clann Israel: filleadh gach éanduine aguibh dhá thigh fein; óir is uáimse atá an ní si. Déisteadar san ar a nadhbharsin ré focal an TIGHEARNA, agus dtilleadar dinitheachd do réir fhocail an TIGHEARNA.

25 ¶ Ann sin do chuir Ieroboam Sechem súas ar shlíabh Ephraim, agus do rinne sé comhnúidhe ann, agus dimthigh amach as sin; agus do chuir sé Penuel súas.

26 ¶ Agus a dubhairt Ieroboam iona chroidhe, A nois fillfidh an rioghachd chum tighe Dháibhi:

27 Má theíd na daóinesi súas do dhéanamh íodhbartha a ttigh an TIGHEARNA ann Ierusalem, annsin iompóchuídh croidhe na ndaoine a rís air a Ttighearna, eadhon ar Rehoboam rígh Iúdah, agus muirfid misi, agus rachuid a rís chum Rehoboam rígh Iúdah.

28 Do rinne an rígh comhairle aír sin, agus do rinne sé dhá láogh óir, agus a dubhairt sé riú, As ro mhór dhaóibhse dul súas go Hierusalem; féachuidh bhur ndée, a Israel, noch thug amach sibh as crich na Hégipte.

29 Agus do chuir sé áon díobh a Mbétel, agus do chuir sé an laogh oile an Dan.

30 Agus tháinic an ní se na pheacadh: óir do chuáidh an pobal do dhéanamh umhla, dhá lathair so, air fad go Dan.

31 Agus do rinne sé tigh dáitibh árda, agus do rinne sagairt don chuid dob ísle don phobal, nach raibh do chloinn Lébhi.

32 Agus dórduigh Ieroboam féusta annsa nochdmhadh mí, ar an ccúigeadh lá déug don mhí, samhuil an nféasta bhíos ann Iúdah, agus dofráil sé ar a naltóir. (Marsin do rinne sé a Mbétel) ag déanamh íodhbartha do na láoghuibh do rinne sé: agus do shuighidh sé a Mbétel sagairt na náiteach ard do rinne sé.

33 Mársin dofráil sé ar a naltóir do rinne sé a Mbétel an cúigeadh lá déug don nochdmhadh mí, eadhon annsa mí do chum sé ó na chroidhe fein; agus dórduigh sé féasta do chloinn Israel: agus do íodhbair sé ar a nal óir, agus do loisg sé túis uirre.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí