Séamas 4:1 - An Bíobla Naofa 19811 Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n‑ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)1 Cá has a mbíonn cogaí, agus cathanna eadraibh? Nach as seo, as na hainmhianta atá ag amhthroid in bhur mbaill bheatha? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Cad as na cogaidhe agus na catha éirigheas eadraibh? Nach as so thig siad, as bhur n‐ainmhiantaibh bhíos ag troid le chéile ’n‐bhur mballaibh beathadh? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Cread as á néirghid cogtha agus comhruic eadruibh? a né nach úadh so, eadhon ó bhur nanntoiluibh féin bhíos ag cathúghadh ann bhur mballuibh? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20121 Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n-ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha? Féach an chaibidil |
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.