Chuir Dáiví chun bealaigh agus d'imigh lena lucht leanúna go léir ó Bhálá Iúdá chun áirc Dé ar a bhfuil ainm Tiarna na Slua a shuíonn faoi réim ar na ceiribíní a thabhairt aníos as sin.
Salm 99:1 - An Bíobla Naofa 1981 Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith; tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Is é an Tiarna is Rí ann, dá méid í mífhoighne na ndaoine: suíonn sé idir na cearúibím, is cuma chomh corrach ʼsa bhíos an domhan. Psalma Dhaibhí 1836 Ta Dia a Ríoghacht, a’s críothnúgh Bídh air a nuile shlóigh; Se shuigheas idir na cherubínidh, ’S an úir do chrith gan ghó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ata an TIGHEARNA a rioghachd; bíodh criothnughadh air na poibleacha: suighe sé idir na cherubínibh; corruigheadh an talamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith; tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh. |
Chuir Dáiví chun bealaigh agus d'imigh lena lucht leanúna go léir ó Bhálá Iúdá chun áirc Dé ar a bhfuil ainm Tiarna na Slua a shuíonn faoi réim ar na ceiribíní a thabhairt aníos as sin.
Bí-se, a chruinne go léir, ar crith roimhe. Rinne sé an domhan daingean dobhogtha;
Éist linn, a aoire Iosrael, a sheolann Iósaef mar thréad. I do shuí ar na ceiribíní duit bí ag taitneamh
Tá an Tiarna ina rí is é gléasta le glóir; chlúdaigh sé é féin le neart; chrioslaigh sé é féin le cumhacht. Bhunaigh sé an domhan go dobhogtha.
Fógraígí do na ciníocha: “Tá an Tiarna ina Rí,” shocraigh sé an domhan go daingean dochorraithe; tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na náisiúin.
Tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa; bí ar crith ina láthair a dhomhan uile.
Ansiúd a bhuailfidh mé leat agus ó lastuas de chathaoir na trócaire, ó idir an dá cheiribín ar áirc na Fianaise, labhróidh mé leat agus tabharfaidh mé duit m'aitheanta uile do chlann Iosrael. ”
Chuir an Tiarna isteach iontu meadhrán agus mearbhall intinne. Tá an Éigipt ag tuisleadh acu i ngach rud a dhéanann sí, mar a bheadh fear meisce ag tuisleadh ina chuid orla.
Dhearc mé ar na sléibhte, agus bhíodar ar crith; bhí na harda trí chéile ar bogadh.
Corrófar an talamh le torann a dtitime; beidh an fhuaim le cloisteáil chomh fada le Muir na nGiolcach.
Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.
Corrófar an talamh le torann gabháil na Bablóine, agus cluinfear a tuireamh i measc na náisiún.”
Dúirt sé liom: “A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad m'ainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe,
Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin.
Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’
Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”
Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla,
á rá: “Beirimid buíochas leat, a Thiarna, a Dhia Uilechumhachtaigh, an té atá ann agus a bhí mar gur ghlac tú chugat do mhórchumhacht agus go ndeachaigh tú i mbun rialaithe.
Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.
Agus bhailigh an spéir léi mar scrolla ag filleadh ar a chéile agus cuireadh gach sliabh agus gach oileán as a n‑ionad.