Salm 82 - An Bíobla Naofa 1981Breith Dé ar Bhreithiúna Éagóracha 1 Salm Ásáf. 1 Salm Ásáf. 1 Éiríonn Dia sa chomhthionól diaga a thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe. 2 “Cá fhad a thabharfaidh sibh breith go héagórach; agus lé agaibh le cúis na n‑éagráifeach? Selah 3 Cosnaígí an daibhir agus an dílleachta; déanaigí ceart don dealbh agus don dearóil. 4 Fuasclaígí a bhfuil faoi ansmacht agus ainnise; sabhálaigí ó láimh na n‑éagráifeach iad.” 5 Bíonn siad ag útamáil gan tuiscint sa dorchacht; agus fothaí na talún á mbogadh. 6 Is é rud a dúirt mé: “Is déithe sibh; clann an Té is Airde sibh uile. 7 Éagfaidh sibh, mar sin féin, ar nós daoine; agus titfidh sibh mar a thitfeadh prionsa ar bith.” 8 Éirigh, a Dhia! tabhair breith ar an talamh; óir is leat na ciníocha go léir. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart