Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 82:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Éirigh, a Dhia! tabhair breith ar an talamh; óir is leat na ciníocha go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

8 Éirigh, a Dhia, agus tabhair féin breithiúnas ar an domhan: óir glacfaidh tú seilbh ar na náisiúin uile.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

8 Dhia éirigh air an dtalamh déan, Deagh‐bhreitheamhnas go grad; Óir gheabhair mar oighreacht duit fhéin, Na cineadhacha air fad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Eirigh, a Dhé, beir breitheamhnus air an ttalamh: óir gheabhair oighreacht air a nuile chineadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Éirigh, a Dhia! tabhair breith ar an talamh; óir is leat na ciníocha go léir.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 82:8
14 Tagairtí Cros  

Maireann tú, a Thiarna, go brách na breithe; maireann d'ainm ó ghlúin go glúin.


gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”


Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.


Cuimhneoidh gach aird de chríocha na cruinne, cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna, agus adhrfaidh na ciníocha go léir ina fhianaise.


Óir leagadh ar lár sinn sa luaithreach agus buaileadh ár gcorp ar an talamh.


go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm, go ngabha sé de chosa i m'anam, is go leaga sé m'oineach sa luaithreach.


Nuair a d'éirigh Dia a thabhairt breithiúnais, a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah


Éirigh! tabhair breithiúnas ar an talamh; tabhair a ndíol do lucht an díomais.


i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht; atá ag teacht a rialú na cruinne. Rialóidh sé an domhan go cothrom, agus tabharfaidh sé fíorbhreith ar na daoine.


Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?


Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.


Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath; cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoir agus éistfidh mo Dhia liom.


“Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna, “fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir; mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú, na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile chun go ligfidh mé mo racht amach orthu, mo chuid feirge fíochmhaire go léir. Go deimhin, ídeofar an domhan go léir le tine mo chuid éada.


Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí