Salm 99 - An Bíobla Naofa 1981Is Naofa é an Tiarna ár nDia 1 Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith; tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh. 2 Is mór é an Tiarna i Síón; tá sé i réim os cionn na gciníocha uile. 3 Tugaidís moladh dá ainm óir is éachtach é agus is uamhnach; is naofa é agus [lán de chumhacht]. 4 Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht. Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir; agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób. 5 Móraigí an Tiarna, ár nDia; umhlaígí i láthair a stóil choise; de bhrí gur naofa é an Tiarna. 6 Bhí Maois agus Árón ar líon a shagart. Bhí Samúéil orthu siúd a ghaireadh ar a ainm. Ghairidís ar an Tiarna agus d'éisteadh sé leo. 7 Is leo a labhair sé as colún an néil. Rinneadar a thoil agus choinníodar a dhlí, na haitheanta a thug sé dóibh. 8 Thug tú freagra orthu, a Thiarna, ár nDia, agus bhí tú i do Dhia so-mhaitheach dóibh, cé go ndearna tú a bpeacaí a agairt orthu. 9 Móraigí an Tiarna, ár nDia, agus umhlaígí ar a Shliabh Naofa; óir is naofa é an Tiarna, ár nDia. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart