Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 80 - An Bíobla Naofa 1981


Fíonghort Scriosta

1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. Salm Ásáf.

2 Éist linn, a aoire Iosrael, a sheolann Iósaef mar thréad. I do shuí ar na ceiribíní duit bí ag taitneamh

3 ar Eafráim agus Biniáimin agus Manaise. Corraigh do chumhacht, a Thiarna; a Thiarna, tar chugainn dár sábháil.

4 Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua; taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.

5 A Dhia na slua, cá fhad a bheidh tú ar buile, ar a shon go bhfuil do phobal ag guí?

6 Bheathaigh tú iad le harán na ndeor; agus thug tú flúirse deor dóibh le hól.

7 Rinne tú ceap magaidh dínn dár gcomharsana; agus bíonn ár naimhde ag fonóid fúinn eatarthu féin.

8 Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua; taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.

9 Thug tú fíniúin amach as an Éigipt; dhíbir tú na ciníocha gur phlandaigh tú í.

10 Rinne tú an ithir a réiteach di; chuir sí a fréamhacha agus líon sí an tír.

11 Folaíodh na sléibhte faoina scáth; agus céadrais Dé faoina géaga.

12 Shín sí a craobhacha chun na mara; agus leath sí a bachlóga chun na habhann.

13 Cad chuige duit a ballaí a bhriseadh; go stoitheann gach aon neach a ghabhann thar bráid í?

14 Creachann torc fiáin na coille í agus alpann ainmhithe allta an mhachaire í.

15 Cas ar ais, a Dhia na slua, breathnaigh anuas ó neamh, agus féach,

16 tabhair cuairt ar an bhfíniúin seo agus caomhnaigh í, óir phlandaigh do dheaslámh féin í.

17 An dream a thug tine di agus a ghearr anuas í go scriosa bagairt do ghnúise iad.

18 Go raibh do lámh ar fhear do dheasláimhe, ar mhac an duine a neartaigh tú duit féin.

19 Feasta, ní thréigfimid go brách thú; athbheoigh sinn agus glaofaimid ar d'ainm.

20 Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua; taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar dár saoradh.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí