Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 93 - An Bíobla Naofa 1981


Tá an Tiarna i Réim

1 Tá an Tiarna ina rí is é gléasta le glóir; chlúdaigh sé é féin le neart; chrioslaigh sé é féin le cumhacht. Bhunaigh sé an domhan go dobhogtha.

2 Tá do chathaoir arna daingniú ó na cianta; tá tú ann ón tsíoraíocht, a Thiarna.

3 Thóg na tuilte a nglór, a Thiarna; thóg na tuilte a nglór go torannach; thógadar a nglór go tolgach tréan.

4 Is cumhachtaí ná glór na n‑iluiscí, ná tonnta na mara móire, an Tiarna os a gcionn in airde.

5 Is dearfa go deimhin do reachtanna; is do do theachsa is cuí an naofacht, a Thiarna, go brách na breithe.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí