Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 5:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Nach bhfuil eagla oruibh romhamsa? a deir an TIGHEARNA: nach ccriothnochuidhe am lathairsi, noch do áitreibh an gaineamh mar théoruinn do nfairge maille ré hórdughadh síothbhúan, nach féidir lé dhul thairis: agus mátá go tiomáinfid a tonna íad féin, gidheadh ní bhéaruid buáidh; mátá go ttonngháirfid, acht cheana ní rachuid thairis?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 5:22
29 Tagairtí Cros  

Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh.


D'imigh sé leis agus fuair sé corp an fhir sínte ar an mbóthar agus an t‑asal agus an leon ina seasamh taobh leis an gcorp. Ní raibh an corp ite ná an t‑asal stollta ag an leon.


Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n‑uiscí, Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.


Ní ionadh gurb eagal le daoine é, Agus go bhfuil urraim ag an muintir chiallmhar croí dó.


Cé a d'iaigh an mhuir isteach le comhlaí, Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn?


Chuir tú teorainn leo nár chead dóibh dul thairsti, sula bhfolaidís an talamh as úire.


Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat; agus is eagal liom do reachtanna.


Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal, agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.


Dá bhrí sin ní eagal linn má luascann an talamh agus go gcaitear na sléibhte i gceartlár na mara,


Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith; tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh.


Agus ag ceapadh teorann don fharraige, chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht, agus ag leagan síos dúshraith na cruinne.


Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.


mar a lasann tine ina bladhaire trí bhrosna, mar a chuireann tine uisce ag fiuchadh; ansin bheadh aithne ag do naimhde ar d'ainm agus ciníocha ar crith roimh do theacht.


Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm, deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.” Ach is orthu féin a bheidh an náire.


Cé hé an té nach dtabharfadh urraim duit, ó a Rí na gciníocha? Sea, is duitse is dual é seo. De bhrí nach bhfuil i measc críonna uile na gciníocha, agus ina ríochtaí uile, aon duine cosúil leatsa.


Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn.


An Tiarna a bheir an ghrian mar sholas sa lá, an ghealach agus na réaltaí mar sholas san oíche, a shuaitheann an fharraige agus a bheir ar a tonnta búirthíl, an té darb ainm Tiarna na Slua, deir sé é seo:


Dá bhrí sin is mar seo a roinnfidh mé leat, a Iosrael, agus toisc gurb é seo a dhéanfaidh mé ort, cuir tú féin i gcóir chun casadh ar do Dhia, a Iosrael.


Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas, agus leagann a stua ar an talamh. Glaonn sé ar uiscí na farraige agus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún. Is é an Tiarna a ainm.


Dá thoradh sin tháinig eagla nár bheag ar an bhfoireann roimh an Tiarna; d'ofráil siad íobairt dó agus thug móideanna.


Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo.


“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.


Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo:


Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in ifreann. Sea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin.


“Mura gcoimeádann tú briathra uile an dlí seo atá scríofa sa leabhar seo le barr cáiréise, d'fhonn go mba eagal leat an t‑ainm glórmhar uafar seo: An Tiarna do Dhia,


Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí