Tháinig oifigigh a theaghlaigh agus sheas siad thart timpeall air; d'iarradar air éirí ón talamh, ach dhiúltaigh sé agus ní ghlacfadh sé bia ar bith leo.
Salm 102:4 - An Bíobla Naofa 1981 Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach; tá mo chnámha ar loscadh amhail tine. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Tá mo chroí caite síos agus críon mar fhéar: gur dhearmad liom mʼarán a ithe. Psalma Dhaibhí 1836 Trom‐bhuailte ta mo chroidhe fann, A’s seargtha mar an bhféur; Ionnus gur dhearmuid me go ceart, Greim aráin ’chur a’m’ bhéul. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atá mó chroidhe ar na bhúaladh, agus críon mar fhéur; óir do dhearmaid mé marán dithe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach; tá mo chnámha ar loscadh amhail tine. |
Tháinig oifigigh a theaghlaigh agus sheas siad thart timpeall air; d'iarradar air éirí ón talamh, ach dhiúltaigh sé agus ní ghlacfadh sé bia ar bith leo.
Ansin d'imigh Eazrá leis óna ionad os comhair Theampall an Tiarna agus chuaigh isteach i seomra Iahóchánán mac Eiliáisíb mar ar [fhan sé an oíche sin] gan arán ná uisce a chaitheamh, mar bhí sé ag caoineadh feall na ndeoraithe.
Is beag orm mo bheo. Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán, Labhróidh mé ó shearbhas m'anama.
Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.
de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile, óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.
Bíonn m'eascairde do mo mhaslú de shíor; agus bíonn m'ainm ina eascaine ag mo naimhde.
óir dreofaidh siad go luath ar nós an fhéir agus feofaidh siad amhail luibheanna glasa.
Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.
Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha; Sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche, agus diúltaíonn m'anam don sólás.
Feonn an féar, tréigeann an bláth, nuair a shéideann anáil an Tiarna orthu. (Is ea, is é an pobal an féar.)