Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 40:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Feonn an féar, tréigeann an bláth, nuair a shéideann anáil an Tiarna orthu. (Is ea, is é an pobal an féar.)

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Críonuidh an féur, searguidh an bláth: do bhrígh go séidionn spiorad an TIGHEARNA air: go deibhin is feur na daoine.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 40:7
15 Tagairtí Cros  

A eascrann mar bhláth agus a fheonn, Agus a imíonn mar scáil gan fanacht -


Scriosann anáil Dé iad, Agus milleann racht dá fhearg iad.


Is cuma leis bata nó giolcach, Agus gáireann sé faoi fhead na bunsaí.


Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach; tá mo chnámha ar loscadh amhail tine.


Is cosúil ré an duine le féar; bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire.


Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe, agus ní fios dá ionad féin é feasta.


Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling, nó mar fhéar úrghlas na maidine.


Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sé baintear é agus feonn sé um thráthnóna.


Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.


Bhí a lucht cónaithe gan lúth na lámh, lán uafáis agus scéine, ar nós lusra na mbánta agus na scratha glasa, féar bharr na dtithe agus na ngort á sheargadh ag an gaoth anoir.


Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.


Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?


Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin.


agus an fear saibhir de bhrí gur íslíodh é mar rachaidh sé ar ceal ar nós bhláth an fhéir.


Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí