Matha 9:27 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh leis as an áit úd, lean beirt dhall é, agus iad ag glaoch in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin, lean dhá fhear dhalla é, ag scairtigh, agus ag rádh: A Mhic Dháibhidh, déan trócaire orainn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ag imtheacht d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éighimh, agus g‐á rádh, Déan trócaire orainne, a mhic Dháibhi. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do imthigh Iósa as sin, do leanadar días dall é, ag éimhghe, agus ag rádh, Déuna trócaire oruinn, a mhic Dháibhi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!” |
tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.
Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.”
agus dúirt: “A Thiarna, déan trócaire ar mo mhac, mar tá an titimeas air agus é an-dona: titeann sé isteach sa tine go minic agus san uisce go minic freisin;
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall.
agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”
Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: “An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?” Dúirt siad: “Creidimid, a Thiarna.”
agus bíonn sé á chaitheamh isteach sa tine go minic agus san uisce freisin chun é a mhilleadh. Ach má fhéadann tú rud ar bith a dhéanamh bíodh trua agat dúinn agus cuidigh linn.”
An uair sin féin leigheas sé mórán óna ngalair agus óna n‑éagruais agus ó dhrochspioraid, agus thug bua an radhairc do mhórán dall.
Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”
is faoina Mhac féin é, ár dTiarna Íosa Críost. Rugadh eisean sa mhéid gur duine é de shliocht Dháiví:
is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne - an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.