Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:27 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh leis as an áit úd, lean beirt dhall é, agus iad ag glaoch in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin, lean dhá fhear dhalla é, ag scairtigh, agus ag rádh: A Mhic Dháibhidh, déan trócaire orainn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus ag imtheacht d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éighimh, agus g‐á rádh, Déan trócaire orainne, a mhic Dháibhi.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus an tan do imthigh Iósa as sin, do leanadar días dall é, ag éimhghe, agus ag rádh, Déuna trócaire oruinn, a mhic Dháibhi.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:27
24 Tagairtí Cros  

Leabhar geinealaigh Íosa Críost mhic Dáibhid mic Ábrahaim.


Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á theagasg dos na bochtaibh.


Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan.


Agus thugas chun do dheisgiobul é, agus níor fhéadadar é leigheas.


Agus nuair a bhíodar ag dul amach a’ Ierichó do lean sluagh mhór éisean.


Agus nuair a chonaic uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, na h-iongnaí a dhein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúirigh, Hósanna do Mhac Dáibhid; tháinig fearg ortha.


Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; Moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd.


Agus nuair a tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom an nídh seo a dhéanamh daoibh? Dubhradar leis: Creidimíd, a Thighearna.


Is beannuighthe an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna. Is beannuighthe ag teacht an rígheacht so ár n-athar Dáibhid. Hósanna ins na flathais is aoirde.


Agus dubhairt Íosa leis: Má’s féidir leat creideamhaint, tá gach nídh ar chumas an t-é a chreideann.


Agus d’árduigheadar a nglór agus dubhradar: A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne.


Agus dubhairt sé leó: Conus adeirid siad Críost a bheith ’n-a mhac ag Dáibhid,


Agus an uair chéadna san do leighis sé mórán daoine ó n-a ngalaraibh agus ó n-a gcneadhaibh, agus ó annspridíbh, agus thug sé radharc do mhórán dall.


Ná deir an Sgríbhinn gur de shíol Dáibhid, agus ó bhaile Bhetleheim, mar a raibh Dáibhid, atá Críost ag teacht?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí