Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus na sluaite a bhí ag dul roimhe agus ag teacht ina dhiaidh, lig siad an gháir seo astu, “Hósanna do Mhac Dháibhí! Is beannaithe an té a thagas in ainm an Tiarna. Hósanna in airdí na bhflaitheas.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus na sluaighte a bhí ag dul roimhe, agus ag teacht ina dhiaidh, bhí siad ag scairtigh agus ag rádh: Hosanna do Mhac Dháibhidh: Is beannuighthe an té atá ag teacht i n-ainm an Tighearna. Hosanna ins na h-áird.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus na sluaighte do bhí ar tosach roimhe, agus siad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, do tógadar gáir, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; Is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna; Hósanná ins na h‐áiteannaibh is aoirde!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do thógaibh an slúagh do bhí roimhe, agus na dhiáigh, gáir, ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí: Is beannuighthe an té thig a nainm an Tighearna; Hósanna annsna hárdaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; Moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí dá leanúint, bhí na gártha acu dá gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:9
11 Tagairtí Cros  

Alleluia. Molaigí an Tiarna ó na flaithis, molaigí é sna spéartha!


Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí.


Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall.


Óir deirim libh, ní fheicfidh sibh mé as seo amach go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.’ ”


Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”


Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!’ ”


“Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí