Matha 21:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)9 Agus na sluaighte do bhí ar tosach roimhe, agus siad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, do tógadar gáir, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; Is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna; Hósanná ins na h‐áiteannaibh is aoirde! Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)9 Agus na sluaite a bhí ag dul roimhe agus ag teacht ina dhiaidh, lig siad an gháir seo astu, “Hósanna do Mhac Dháibhí! Is beannaithe an té a thagas in ainm an Tiarna. Hósanna in airdí na bhflaitheas.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara9 Agus na sluaighte a bhí ag dul roimhe, agus ag teacht ina dhiaidh, bhí siad ag scairtigh agus ag rádh: Hosanna do Mhac Dháibhidh: Is beannuighthe an té atá ag teacht i n-ainm an Tighearna. Hosanna ins na h-áird. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Agus do thógaibh an slúagh do bhí roimhe, agus na dhiáigh, gáir, ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí: Is beannuighthe an té thig a nainm an Tighearna; Hósanna annsna hárdaibh. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)9 Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; Moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20129 agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí dá leanúint, bhí na gártha acu dá gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19819 agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.” Féach an chaibidil |