Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus nuair tháinig sé go h‐Iarúsalem, do bhí corruighe mór ar fud na cathrach ar fad, gach aoinneach g‐á rádh, Cia h‐é seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus nuair a chuaigh sé isteach go hlarúsailéim, bhí corraí faoi lucht uile na cathrach, agus dʼfhiafraigh siad, “Cé hé seo?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus nuair a tháinic sé isteach go h-Ierusalem, bhí an chathair uilig tré chéile, ag rádh: Cé h-é seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus ag dul Díosa a sdeach go Híarusaléim, do bhí an chathair uile ar na comhmbogadh, ag rádh, Cía he so?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus nuair a chuaidh sé isteach i n-Ierúsalem bhí an chathair go léir ar suathadh, ’ghá rádh: Cé h-é seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:10
14 Tagairtí Cros  

Acht nuair do‐chuala an rí Ioruath sin, tháinig buaidhreadh air‐sean, agus ar Iarúsalem uile, chómh maith.


Agus adubhairt na sluaighte, Is é seo an fáidh, Íosa, ó Nasair na Gaililé.


Agus na sluaighte do bhí ar tosach roimhe, agus siad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, do tógadar gáir, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; Is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna; Hósanná ins na h‐áiteannaibh is aoirde!


agus do labhradar leis, g‐á rádh; Innis dúinn, Cia an t‐ughdarás atá agat chum na neithe seo do dhéanamh? nó cia h‐é thug an t‐ughdarás sin duit?


Agus do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar cheasnú, agus iad g‐á rádh, Cia h‐é seo atá ag labhairt dia‐mhasla? Cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh, acht Dia amháin?


Agus na daoine do bhí ’n‐a suidhe chum bidh ’n‐a fhochair, do thosnuigheadar ar a rádh eadortha féin, Cia h‐é seo mhaitheas fiú amháin peachaidhe?


Agus adubhairt Ioruath, Do dhí‐cheannas‐sa Eoin: acht cia h‐é seo go gcluinim a leithéide de scéalaibh ’n‐a thaobh? Agus do theastuigh uaidh radharc d’fhágháil air.


Agus d’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Caidé an cómhartha thaisbeánas tú dhúinn fá n‐a ndéanann tú na neithe seo?


Agus adubhairt seisean, Cia thú féin, a Thighearna? Agus d’fhreagair sé, Is mise Íosa ar a bhfuil tú ag géirleanmhain:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí