Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 7:42 - An Bíobla Naofa 1981

42 Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Nach bhfuil sé ráite sa scrioptúr gur de shliocht Dháibhí a bheas an Críost, agus go dtiocfaidh sé as Bétlehem, an baile beag a mbíodh Dáibhí ann?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Nach n-abrann an Scrioptúir: Gur de shliocht Dháibhidh agus as Beithil, an baile ina raibh Dáibhidh, a thig an Críost?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Nach ndubhairt an scrioptúir gur de shíol Dáibhí, agus ó Bheithil, baile Dháibhi, atá an Críost le teacht?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 An né nach dubhairt an sgriobtúir Go dtiocfadh Críosd do shíol Dháibhi, agus as Betelém an baile an a raibh Dáibhi?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Ná deir an Sgríbhinn gur de shíol Dáibhid, agus ó bhaile Bhetleheim, mar a raibh Dáibhid, atá Críost ag teacht?

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 7:42
17 Tagairtí Cros  

Salmá athair Bhéitlihim, Háraef, athair Bhéit Gádaer.


Mhionnaigh an Tiarna do Dháiví, briathar daingean nach rachaidh sé siar air: “Is é mac do cholainne féin a chuirfidh mé ar do chathaoir ríoga.


“Cheangail mé conradh,” [a dúirt tú,] “leis an té a roghnaigh mé; dhearbhaigh mé do Dháiví mo sheirbhíseach:


Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise, agus gas ag teacht óna fhréamh;


Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.


Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.


Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.


D'inis siad dó: “I mBeithil Iúdáia: óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh:


‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’ ”


rugadh Slánaitheoir daoibh inniu - is é Críost an Tiarna é - i gcathair Dháiví.


Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,


Is eol dúinn áfach cad as dó seo; ach an Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní eol d'aon duine cad as dó.”


Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”


D'fhreagair ógánach díobh: “Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.”


Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”


“Cé leis thú, a fhir óig?” d'fhiafraigh Sól de; d'fhreagair Dáiví: “Le do shearbhónta Ieise ó Bheithil.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí