Matha 6:5 - An Bíobla Naofa 1981 “Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréagchráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Agus nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí mar lucht na cráifeachta bréige; an dream ar fearr leo bheith ina seasamh ag guí sna sionagóga agus i gcoirnéil na sráideanna, ionas go bhfeice na daoine iad. Deirim libh go fíor go mbíonn a luach saothair féin acu. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a ghní sibh urnaighe, ná bígidh mar na bréagchráibhthigh, ar maith, leo urnaighe a dhéanamh ina seasamh ins na sineagóga agus ag coirnéil na sráid chun go bhfeiceadh daoine iad. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh mar lucht an fhuar‐chrábhaidh, gur maith leo urnaighe do dhéanamh agus iad ’n‐a seasamh ins na sionagógaibh agus ag cúinnibh na sráideann, chum go bhfeicfeadh na daoine iad. Go fírinneach adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fághálta aca. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do ní tú urnuighe, na bi mar luchd an fhúarchrábbaigh: óir is ionmhain léo urnuighthe dheúnamh sna sionagógaibh agus a gcomhrac na ród na seasamh, do chum go bhfaicfidis na dáoine iád. Go deimhin a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarusdal aca. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh ’n-a seasamh ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréag-chráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. |
Is fuath leis an Tiarna an croí uaibhreach, bí deimhin de nach rachaidh sé gan phionós.
Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.
Ansin nuair a ghlaoifidh sibh ormsa, nuair a thiocfaidh sibh chun impí ormsa, éistfidh mé libh.
“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.
Déanann siad a n‑oibreacha uile d'fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga;
Aire daoibh gan bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn sibh, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar neamh.
“Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
“Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.”
Agus nuair a bheidh sibh in bhur seasamh ag urnaí, má bhíonn aon ní agaibh i gcoinne aon duine, maithigí dó é, i dtreo go maithfeadh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse chomh maith.
Dúirt sé ina theagasc: “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí,
“Is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar gur mór agaibh suí sa chéad áit sna sionagóga, agus cách a bheith ag beannú daoibh sna háiteanna poiblí.
Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:
Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’
an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”
Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m'ainm. Iarraigí agus gheobhaidh sibh, chun go mbeadh bhur n‑áthas iomlán.
Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.
Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.”