Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:47 - An Bíobla Naofa 1981

47 an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

47 an dream a shlogas tithe na mbaintreach i gcraos bréagach na síorphaidreoireachta. Níl daorbhreith is troime ná an bhreith a thabharfar orthu siúd.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

47 A shlugas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighe fhada a dhéanamh. Gheobhaidh siad seo damnughadh níos truime.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; is iad gheobhas an daoir‐bhreith is truime.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

47 Noch shluigeas tighthe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ag urnuighe: do gheabhuid so an dainnadh is truime.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

47 an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:47
23 Tagairtí Cros  

a dhiúltaíonn an cothrom do na dearóil, agus a chuireann bochtáin mo mhuintire as a gceart, a dhéanann na baintreacha a chreachadh agus a dhéanann slad ar na dílleachtaí.


Maslaítear an t‑athair agus an mháthair ionat; tugtar drochíde don chuairteoir, cuirtear ansmacht ar an dílleachta agus ar an mbaintreach.


Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.


de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáin agus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh, de bhrí go dtaithíonn an t‑athair agus an mac an striapach chéanna, rud is masla do m'ainm naofa,


Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.


Mar sin féin, ní sibhse mo phobal; éiríonn sibh suas ina choinne mar naimhde; baineann sibh a fhallaing den duine síochánta agus déanann sibh cime cogaidh den taistealaí neamhamhrasach.


Sibhse, a bhfuil fuath agaibh don mhaith agus grá agaibh don olc, a stróiceann an craiceann de dhaoine agus a bhaineann an fheoil dá gcnámha,


“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.


(“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑alpann sibh cuid na mbaintreach, faoi scáth urnaithe fada; is troimide bhur ndaorbhreith.)


iadsan na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.”


Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.


“Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna;


Ag breathnú suas dó, chonaic sé na daoine saibhre ag cur a n‑ofrálacha isteach sa chiste.


Agus mar is eol daoibh féin, ní dhearnamar plámás libh riamh,


Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d'acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.


A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí