Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh ’n-a seasamh ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 “Agus nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí mar lucht na cráifeachta bréige; an dream ar fearr leo bheith ina seasamh ag guí sna sionagóga agus i gcoirnéil na sráideanna, ionas go bhfeice na daoine iad. Deirim libh go fíor go mbíonn a luach saothair féin acu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus nuair a ghní sibh urnaighe, ná bígidh mar na bréagchráibhthigh, ar maith, leo urnaighe a dhéanamh ina seasamh ins na sineagóga agus ag coirnéil na sráid chun go bhfeiceadh daoine iad. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh mar lucht an fhuar‐chrábhaidh, gur maith leo urnaighe do dhéanamh agus iad ’n‐a seasamh ins na sionagógaibh agus ag cúinnibh na sráideann, chum go bhfeicfeadh na daoine iad. Go fírinneach adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fághálta aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus an tan do ní tú urnuighe, na bi mar luchd an fhúarchrábbaigh: óir is ionmhain léo urnuighthe dheúnamh sna sionagógaibh agus a gcomhrac na ród na seasamh, do chum go bhfaicfidis na dáoine iád. Go deimhin a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarusdal aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 “Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréag-chráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 “Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréagchráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:5
34 Tagairtí Cros  

Agus gach nídh ar bith a dh’iarrfaidh sibh i n-úrnuighthe, má bhíonn creideamh agaibh, gheobhaidh sibh é.


Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.


Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat.


Is maith leó ceann cláir ag suidhe chun bídh dóibh, agus na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh.


Seachnaidh agus ná deinidh bhúr bhfíoraontacht-sa os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfí sibh, nó ní bheidh tuarasdal le fághail agaibh i láthair bhúr n-Athar atá ins na flathais.


Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


D’á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat ’á dhéanamh ná bíodh adharc d’á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagógaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


Iarraidh, d’á bhrígh sin, ar an dTighearna gur leis an fóghmhar, lucht oibre do chur ag baint an fhóghmhair dó.


Agus nuair a stadfaidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh, má bhíonn aon nídh agaibh i gcoinnibh aoinne, maithidh dó é; ionus go maithfeadh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.


Agus dubhairt sé leó agus é ’gha dteagasg: Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i n-éadaighibh fada, agus go ndéanfaí úmhlú dhóibh i n-áit an mhargaidh;


Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir isiad na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh atá uaibh, agus daoine bheith ag beannú dhaoibh i n-áit an mhargaidh.


Agus do labhair sé soluíd leó ar conus mar is ceart bheith coitchianta ag guidhe chun Dé, agus gan bheith cortha dhe.


Agus do sheasaimh an puibliocánach abhfad amach, agus níor bh’áil leis a shúile amháin d’iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh a uchta agus a’ rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir is peacach mé.


Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.


Ach is mairg daoibh-se, a dhaoine saidhbhre, óir tá bhúr sólás agaibh.


Go dtí so níor iarrabhair aon nídh am’ ainim: Iarraidh, agus gheobhaidh sibh, ionus go mbeadh bhúr n-áthas iomlán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí