Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad’ sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t’Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Ach nuair a bhíonn tusa ag dul a ghuí, gabh isteach i do sheomra agus druid an doras ort féin agus guigh chun dʼAthar atá faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Acht nuair a dhéanfas tusa urnaighe, gabh isteach i do sheomra, druid an doras, agus i bhfolach guidh d’Athair, agus d’Athair atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat í.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Acht nuair bhíos tusa ag déanamh urnaighe, téir isteach id’ sheomra, agus dún an doras, agus cuir do ghuidhe chum t’Athar do‐fheicsiona, agus t’Athair do‐chí a bhfhuil fá cheilt, cúiteochaidh sé leat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Achd cheana, an tan do ni tusa urnuighe, imthigh a sdeach aun do sheómra, agus ar dhunadh do dhoruis duit, guidh Hathair féin ata a bhfolach; agus do bhéaraidh Hathair do chí a bhfolach luáigheachd ós áird duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun dʼAthar atá ansiúd faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d'Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:6
17 Tagairtí Cros  

Agus chuir sé uaidh na daoine, agus d’imthigh sé an cnoc suas i n-a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an tráthnóna, agus bhí sé ann i n-a aonar.


I dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go bhfeicfidh t’Athair thu, atá fé cheilt; agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.


Ionus go mbeadh do dhéirc fé cheilt, agus go dtabharfadh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.


Agus dubhairt Natanaél: Conus aithnigheann tú mé? Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Sar ar ghlaoidh Pilib ort, nuair a bhís fé’n gcrann fíge, do chonac tu.


Dubhairt Íosa léi: Ná teangmhuigh liom, óir níor chuas suas chun m’ Athar fós; ach imthigh ag triall ar mo bhráithre agus abair leó, Táim ag dul suas chun m’ Athar agus chun bhúr n-Athar, ag triall ar mo Dhia agus ar bhúr nDia.


Agus dubhairt Cornélius: Cheithre lá ó shin, go dtí an uair seo, bhíos am thigh um an naomhadh tráth agus me ag guidhe, agus féach, do sheasaimh fear ar m’aghaidh amach agus éadach geal air agus dubhairt sé:


Amáireach a bhí chúghainn, agus iadsan ag cur na slíghe dhíobh agus ag teacht chun na catharach, tuairim an sémhadh tráth, chuaidh Peadar suas i n-uachtar an tighe chun úrnuighthe dhéanamh.


Annsan do chuir Peadar na daoine go léir amach as an seómra agus do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dhein sé úrnuighthe, agus d’iompuigh sé chun an chuirp agus dubhairt sé: A Thaibíta, éirigh! Agus d’osgail sisi a súile agus chonnaic sí Peadar agus d’éirigh sí aniar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí