Ansin ní foláir duit lampaí a dhéanamh dó, seacht gcinn díobh, agus iad a chur i dtreo go gcaithfidh siad a solas uathu amach os a chomhair.
Matha 5:15 - An Bíobla Naofa 1981 Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ní lasann daoine lampa lena chur faoi bhéal soithigh, ach ar sheastán, agus tugann sé solas ansin dá bhfuil sa teach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ní lasann daoine coinneal, chun í chur faoi bhocsa an phlúir, acht ar an choinnleoir, chun go dtugaidh sí solus dá bhfuil san tigh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ní lastar coinneal chum go gcuirfidhe í fá bhéal soithigh, acht chum go gcuirfidhe í ar choinnleoir; agus annsin do‐bheir sí solas d’á bhfuil sa tigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ní lastar coinneal chun í chur fé bhéal árthaigh, ach chun í chur ar choinnleóir, chun go dtabharfadh sí solus d’á bhfuil sa tigh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach. |
Ansin ní foláir duit lampaí a dhéanamh dó, seacht gcinn díobh, agus iad a chur i dtreo go gcaithfidh siad a solas uathu amach os a chomhair.
“Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d'ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.
“Abair le hÁrón: ‘Nuair a dhéanfaidh tú na lampaí a chóiriú, ní foláir do na seacht lampaí a solas a chaitheamh amach os comhair an choinnleora.’ ”
Dúirt sé leo: “An dtugtar lampa isteach chun go gcuirfí faoi bhéal peice é, nó faoi leaba? Nach ar chrann solais atá sé le cur?
“Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse.
Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.”
“Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas.
Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.
Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí.