Lúcás 11:36 - An Bíobla Naofa 198136 Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)36 Má bhíonn, mar sin, do cholainn uile lán de sholas, gan aon bhall dorcha uirthi, beidh sé uile geal lasta, mar lampa a dtugann a shoilse solas duit.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara36 Ar an adhbhar sin, má bhíonn do chorp uilig soillseach, agus gan aon chuid de dorcha, béidh an t-iomlán soillseach, agus soillseochaidh sé thú mar dhéanfadh lampa soluis. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)36 D’á bhrigh sin, má bhíonn do chorp uile soillseach, gan aon chuid de bheith dorcha, béidh sé soillseach go h‐iomlán, de réir mar shoillsigheann lóchrann thú agus é ag deallrú go geal‐ghlan. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)36 Ar a nadhbharsin dá raibh, do chorp uile soillseach, gan éanchuid dhe dorcha, biáidh an tiomlán soillseach, amhail mar dheallruigheas coinneal thú ré na soillse. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)36 Dá bhrígh sin, má bhíonn do chorp go léir soillseach, gan aon chuid aige de dhorchadas, beidh sé soillseach go h-iomlán, agus soíllseóchaidh sé thu mar a dhéanfadh lóchran soluis. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201236 Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.” Féach an chaibidil |