Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:37 - An Bíobla Naofa 1981

37 Le linn na cainte, thug Fairisíneach cuireadh dó chun a mheán lae ina theach. Chuaigh sé isteach agus lig faoi ag bord.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Nuair a bhí sé ag caint, thug Fairiséach cuireadh chun dinnéir dó; chuaigh sé isteach mar sin gur shuigh ag an mbord.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Agus nuair a bhí sé ag cainnt, d’iarr Fairisíneach áirithe air dinnéar a ghlacadh ina fhochair. Agus ar dhul isteach dó, shuidh sé chun bídh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Le linn na cainnte sin dó, d’iarr Fairisíneach air béile do chaitheamh ’n‐a fhochair: agus do chuaidh sé isteach, agus do shuidh sé síos chum bidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Agus ar labhairt do, do chuir Phairisíneach airighe impédhe air a dhínnér do chaitheamh na fhochair: agus ár ndul a sdeach dhósan, do shuigh sé chum bídh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus an fhaid a bhí sé ag chaint, d’iarr duine de sna Fairisínigh air dul agus bia chaitheamh i n’fhochair. Agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé chun bídh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Le linn na cainte, thug Fairisíneach cuireadh dó chun a mheán lae ina theach. Chuaigh sé isteach agus lig faoi ag bord.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:37
5 Tagairtí Cros  

Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.”


Ar a fheiceáil sin don Fhairisíneach, b'ionadh leis nach ndearna sé an t‑ionladh ar dtús roimh an bproinn.


Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air.


Thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí