Ach bhí an Tiarna fara Iósaef: bhí sé cineálta leis agus fuair fabhar dó i láthair an phríomhshéiléara.
Matha 28:20 - An Bíobla Naofa 1981 ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ag teagasc dóibh go gcoinní siad na hordaithe uile a thug mé daoibhse; agus féachaigí, bím i gcónaí libh, go dtaga an aois chun críche.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus teagascaigidh dóibh gach uile nídh dár aithin mise díbh a choimhéad. Agus féach, tá mise i bhur bhfochair gach aon lá go deireadh an tsaoghail. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) g‐á theagasc dóibh gach ar órduigheas daoibh do chóimhlíonadh, agus féach, atáim‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, go deireadh an tsaoghail. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas-sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.” |
Ach bhí an Tiarna fara Iósaef: bhí sé cineálta leis agus fuair fabhar dó i láthair an phríomhshéiléara.
D'fhreagair Banáiá mac Iahóideá an rí: “Amen,” ar sé, “agus go gcuire an Tiarna chomh maith [Amen le focail] mo thiarna an rí.
Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael, ó shíoraíocht go síoraíocht.” Ansin dúirt an pobal go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna.
“Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann, in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”
Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí, toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh.
“Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”
Caithfimid aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia mar a d'ordaigh sé dúinn.”
Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d'ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.
“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.
Sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil: rachaidh na haingil amach agus scarfaidh siad na drochdhaoine ó na fíréin
Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i m'ainmse, bím féin ansin ina measc.”
Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”
Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.
Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.
Molaim sibh as bheith ag cuimhneamh orm i gcónaí agus as bheith ag cloí leis na traidisiúin a thaobhaigh mé libh.
Is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán
Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá á scríobh agam.
A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.
“Féachaigí chuige dá bhrí sin go ndéanfaidh sibh de réir mar a d'aithin an Tiarna ár nDia daoibh. Ná claonaigí ar dheis na ar chlé ón gcosán.
Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d'fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.
Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin
Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.
go mbeadh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n‑aspail.
ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.
Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.