Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 26:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d'ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Is marso a dear an TIGHEARNA, Seas a ccúirt thighe an TIGHEARNA, agus labhair ré huile chaithreachaibh Iúdah, noch thig go tigh an TIGHEARNA dadhradh, na huile bhríathra aitheonus misi dhíot do labhairt ríu; na laghduigh áon fhocal.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 26:2
32 Tagairtí Cros  

Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic. Éirigh agus abair leo gach a n‑ordaímse duit. Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise, ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.


Ach dúirt an Tiarna liom: “Ná habair, ‘Is leanbh mé.’ Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú, agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.


Ar a theacht ar ais do Irimia as Toifit mar ar chuir an Tiarna é a fháidheoireacht, sheas sé i gcúirt Theampall an Tiarna agus dúirt leis an bpobal uile:


“An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? - an Tiarna a labhraíonn.


D'fhógair an fáidh Irimia é i láthair phobal uile Iúdá agus i láthair mhuintir Iarúsailéim uile:


Ansin thug Irimia fáidh freagra ar an bhfáidh Hanainiá i bhfianaise na sagart agus an phobail uile a bhí i dTeampall an Tiarna.


Léigh sé briathra Irimia as an scrolla; tharla seo i seomra Ghamairiá mhic Sheáfán, rúnaí, sa chúirt ab airde ag dul an Geata Nua isteach i dTeampall an Tiarna, in éisteacht an phobail uile.


D'fhreagair an fáidh Irimia: “Cluinim sibh; guífidh mé go cinnte chun an Tiarna bhur nDia de réir bhur mbriathar; agus cibé ar bith ní a fhreagróidh an Tiarna bhur nDia foilseoidh mé daoibh é; ní choinneoidh mé aon ní ar gcúl uaibh.”


“Téigh agus seas i ngeata Theampall an Tiarna agus fógair an teachtaireacht seo. Abair: Éistigí le briathar an Tiarna, a fheara uile Iúdá, a thagann isteach sna geataí seo chun an Tiarna a adhradh.


Ar an ábhar sin déarfaidh tú na briathra seo uile leo, ach ní éistfidh siad sin leat; gairfidh tú orthu, ach ní fhreagróidh siad thú.


Dúirt sé liom fosta: “A mhic an duine, gach focal a deirim leat glac chugat féin é agus éist leis go cúramach.


“A mhic an duine, tá tusa ceaptha agam mar gharda do mhuintir Iosrael; aon uair a chluineann tú focal uaimse cuir ar a bhfaichill iad thar mo cheannsa.


Dúirt an fear liom: “A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d'intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.”


ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”


Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith;


D'fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.


Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.


nár cheil mé oraibh rud ar bith a rachadh chun sochair daoibh ach é a fhógairt agus a theagasc daoibh os comhair an tsaoil agus in bhur dtithe;


mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine.


Leis sin tháinig duine ar an láthair le scéala: “Feach,” ar seisean, “na fir úd a chuir sibh i bpríosún, tá siad ina seasamh sa Teampall ag teagasc an phobail.”


Agus ní stadaidís ach ag teagasc gach lá, sa Teampall agus ó theach go teach, agus ag fógairt an dea-scéil gurbh é Íosa an Críost.


A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.


ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.


Ná cuirigí aon bhreis lena n‑ordaím daoibh, agus ná bainigí uaidh, ach coimeádaigí aitheanta an Tiarna bhur nDia go beacht mar a ordaím daoibh iad.


Ní raibh focal dár aithin Maois nár léigh Iósua do chomhthionól chlann Iosrael go léir idir mhná agus leanaí, agus dheoraithe ag cur fúthu ina measc.


Má thógann aon duine aon chuid de bhriathra leabhar na fáistine seo; tógfaidh Dia chun siúil a chuidsean de chrann na beatha agus den chathair naofa, a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí