Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 3:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 “Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus a dubhairt sesion, Go deimhin biáidh misi leachd; agus biáidh so mar chomhartha agad, gur chuir misi ann tú: A nuáir do bhéura tú an pobal amach as a Négipt, do dhéantaoi serbhís do Dhía ar a tsliabhsa:

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 3:12
43 Tagairtí Cros  

Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”


“A Thiarna Dia liom,” ar sé, “cá bhfios dom go mbeidh sé mar oidhreacht agam?”


Fan go fóill sa tír seo agus beidh mise farat agus cuirfidh mé mo bheannacht ort. Óir is duitse agus do do shliocht a thabharfaidh mé na dúichí seo go léir, agus comhlíonfaidh mé an mionn a thug mé do bhur n‑athair Abrahám.


Ansin dúirt an Tiarna le Iacób: “Fill ar thír do shinsear agus ar do mhuintir féin agus beidh mise farat.”


Agus beidh sé seo mar chomhartha agat: i mbliana íosfaidh sibh an grán a fhásfaidh uaidh féin, agus an bhliain seo chugainn a bhfásfaidh as sin ar an mbán. Ach cuirigí síol agus bainigí fómhar an tríú bliain, saothraígí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.


Bhí Píneachás mac Eileázár i gceannas orthu tráth, agus bhí an Tiarna lena ais.


Tabhair dom comhartha do cheana go bhfeice mo naimhde é is go ndéantar a náiriú, toisc gur bhronn tú orm cabhair agus sólás, a Thiarna.


Agus tháinig Iatró, athair céile Mhaois, chun Maois lena bheirt mhac agus lena bhean mar a raibh a champa aige san fhásach ag sliabh Dé.


Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé.


Ansin dúirt Maois le Dia: “Má théim go clann Iosrael agus a rá leo: ‘Dia bhur n‑aithreacha a chuir mise chugaibh,’ agus go bhfiafraíonn siad díom: ‘Cén t‑ainm atá air?’ céard a déarfaidh mé leo?”


D'fhreagair sé: “Rachaidh mo láithreacht in éineacht leat agus tabharfaidh mé suaimhneas duit.”


Imigh anois mar sin; beidh mise mar thaca le do bhéal agus múinfidh mé duit a mbeidh le rá agat.”


Labhróidh tusa leis agus cuirfidh tú na focail ina bhéal. Beidh mise mar thaca le do bhéalsa agus lena bhéalsan, agus múinfidh mé duit a bhfuil le déanamh agat.


Caithfimid aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia mar a d'ordaigh sé dúinn.”


Beidh sé seo ina chomhartha agat: Íosfar i mbliana grán a d'fhás ar bhranar agus an bhliain seo chugainn a bhfásann as sin arís, ach an tríú bliain, cuirigí síol agus bainigí fómhar, cuirigí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.


Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.


Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú.


Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.


Ná bíodh faitíos ort rompu, óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce, is é an Tiarna a labhraíonn.”


Labhair Maois: “Leis seo,” ar sé, “beidh a fhios agaibh gur sheol an Tiarna féin mé chun na hoibreacha seo a dhéanamh, agus nach de mo rogha féin é:


Ní fhaca mé urchóid in Iacób. Níor luigh mé súil ar chruatan in Iosrael. Tá an Tiarna a nDia faru,


ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”


Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.


Bhí lámh Dé leo san obair agus is iomaí duine a ghlac an creideamh agus a d'iompaigh chun an Tiarna.


ach an cine a mbeidh siad faoi dhaoirse acu, tabharfaidh mé daorbhreith orthu,’ arsa an Tiarna, ‘agus ina dhiaidh sin tiocfaidh siad amach as an tír sin agus tabharfaidh ómós domsa san áit seo.’


Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?


Thug [an Tiarna] treoracha do Iósua mac Nún agus dúirt: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; óir tá tú le clann Iosrael a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, agus beidh mé féin i do theannta.”


Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.”


Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.


agus thaibhsigh aingeal an Tiarna dó go ndúirt leis: “Tá an Tiarna leat, a ghaiscígh chalma!”


Dúirt an Tiarna leis: “Beidh mise leat, agus buailfidh tú Midián amhail is nach mbeadh iontu ach aon duine amháin.”


“Má fuair mé gean uait,” arsa Gideón leis, “tabhair dom comhartha gur tusa féin atá ag labhairt liom.


Leis sin shín aingeal an Tiarna barr na slaite a bhí ina láimh, gur bhain leis an bhfeoil agus leis na builíní gan ghabháile. Phreab tine as an gcarraig ansin agus loisc an fheoil agus na builíní gan ghabháile, agus leis sin sceinn aingeal an Tiarna as amharc.


agus éist lena bhfuil á rá acu; cuirfidh sin misneach ort, agus ansin déanfaidh tú ionsaí ar an longfort.” D'imigh sé síos dá bhrí sin le Purá a ghiolla go dtí urphoist shaighdiúirí an longfoirt.


Ach má deir siad: ‘Tagaigí aníos chugainn,’ rachaimid suas mar bheidh sé sin ina chomhartha gur thug an Tiarna inár lámha dúinn iad.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí