Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.
Matha 2:6 - An Bíobla Naofa 1981 ‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’ ” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ‘Agus tusa, a Bhétlehem, i dtír Iúda, ní tú is lú ar cheannfoirt Iúda; mar is asat a thiocfas an rialtóir a rialós mo phobalsa Iosrael.’” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tusa, a Bheithil, talamh Iúda, ní tú is lugha ar chor ar bith ar thaoisigh Iúda, óir is asat-sa a thiocfas an ceannphort a dhéanfas mo phobal, Israél, a riaghladh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tusa, a Bheithil, a thalamh Iúda, Ní tusa is lugha ar cheann‐phortaibh Iúda, Óir is asat thiocfas an taoiseach, Dhéanfas aodhaireacht ar Israel, mo phobal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tusa a Bhetleem, talamh Iúda, ní tú is Iugha eidir dhúibhcidhibh Iúdah: óir is asad thiocfas an Duibhce, sdúireóchus mo phubal Israel. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tusa, a Bhetlehem, a thalamh Iúda, ní tu is lúgha i n-aon chor ar thaoiseachaibh Iúda, óir is asat-sa a thiocfaidh an taoiseach a dhéanfaidh mo phobul Israél do riaradh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ‘Tusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc phrionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobal-sa, Iosrael.’” |
Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.
San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’ ”
óir d'éirigh Iúdá níos tréine ná a dheartháireacha - mar tháinig flaith ar a shliocht - ach d'fhan ceart na céadghine ag Iósaef.
Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn, á n‑iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim
Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.
Dúirt sé leis an dara huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” “Tá, a Thiarna,” ar seisean leis, “tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt sé leis: “Déan mo chaoirigh a aoireacht.”
Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”
Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó
Is é ceann an choirp é, ceann na hEaglaise. Is é an tús é, an chéadghin ó mhairbh i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
Óir, mar is eol do chách, ba de threibh Iúdá é ár dTiarna agus nuair a bhí Maois ag labhairt faoi shagairt níor luaigh sé an treibh sin ar aon chor.
Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”
mar a fuair mise ó m'athair, agus déanfaidh sé iad a rialú le slat iarainn, faoi mar a bheadh soithí cré á mbascadh;
Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.”