Geineasas 49 - An Bíobla Naofa 1981Beannachtaí Iacóib 1 Ansin ghlaoigh Iacób ar a chlann mhac agus dúirt: “Cruinnigí le chéile go n‑inseoidh mé daoibh cad tá i ndán daoibh sna laethanta atá romhaibh. 2 Tagaigí le chéile, a mhaca Iacóib, agus éistigí; éistigí le hIosrael bhur n‑athair. 3 A Reúbaen, is tú mo chéadghin mo neart, céadtoradh m'fhearúlachta. Rug tú barr leat in uabhar agus barr i gcumhacht, 4 gan smacht mar an tuile; ach ní tú a bheidh ar tosach, mar gur ghabh tú suas chun leaba d'athar, agus gur thruailligh tú mo thocht, mo bhrón! 5 Deartháireacha Simeon agus Léiví, agus chuireadar a ndobhearta i gcrích. 6 Ná bíodh m'anam páirteach ina gcomhairlí; nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar, óir mharaíodar daoine le teann feirge agus speireadar daimh le barr buile. 7 Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta. Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób agus scaoileadh orthu in Iosrael. 8 A Iúdá, molfaidh do dheartháireacha thú; beidh do lámh ar bhráid do naimhde agus sléachtfaidh clann mhac d'athar duit. 9 Coileán leoin é Iúdá! Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach; agus cromann sé agus luíonn mar leon nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt? 10 Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine. 11 Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúin agus searrach a lárach dá stoc. Níonn sé a éide i bhfíon agus a chulaith i bhfuil na gcaor; 12 beidh a shúile dearg le fíon agus a dhéada bán le bainne. 13 Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige; beidh sé ina fhoscadh ag loingeas agus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón. 14 Asal tréan é Íosácár ina luí i measc cróite caorach; 15 tuigeadh dó gur mhaith é áit lonnaithe, agus gur thaitneamhach é an dúiche; chrom sé a ghualainn don ualach, agus rinneadh daor de faoi sclábhaíocht éigin. 16 Beidh Dán ina bhreitheamh ar a phobal, mar cheann de threibheanna Iosrael. 17 Beidh Dán ina nathair nimhe ar an mbóthar agus ar an gcosán ina nathair adharcach, a bheireann greim ar speir an chapaill agus go dtiteann a mharcach i ndiaidh a chúil. 18 Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia. 19 Déanfaidh foghlaithe foghail ar Ghád, ach déanfaidh seisean foghail agus tóir orthu. 20 Is saibhir é arán Áiséar agus déanfaidh sé soláis a sholáthar do bhord an rí. 21 Is eilit ar scaoileadh léi Naftáilí agus oisíní gleoite á mbreith aici. 22 Craobh thorthúil é Iósaef, craobh thorthúil le hais an tobair, agus a géascaí ag síneadh thar an mballa. 23 Thug na saighdeoirí faoi le fíoch, scaoileadar faoi le binib, agus luíodar go dian air, 24 ach bhris neach tréan a mbogha agus scaradh cuislí a lámh ona chéile ag láimh Neach Tréan Iacóib, ag ainm Charraig Iosrael, 25 ag Dia d'athar a chabhraíonn leat, ag Dia Uilechumhachtach a bheannaíonn thú, le beannachtaí an duibheagáin a luíonn thíos, le beannachtaí cíoch agus broinne, 26 le beannachtaí arbhair agus bláthanna, le beannachtaí na gcnoc cianaosta, le beannachtaí na sléibhte síoraí; go dtaga siad anuas ar cheann Iósaef, agus ar bhaithis an té sin a coisreacadh i measc a dheartháireacha. 27 Faolchú craosach é Biniáimin; alpann sé a chreach ar maidin, agus roinneann sé a sheilg tráthnóna.” 28 Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n‑athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith. Bás agus Adhlacadh Iacóib 29 Ansin thug sé treoracha dóibh. “Is mithid mé a chruinniú chun mo mhuintire,” ar sé. “Déantar mé a adhlacadh i bhfochair m'aithreacha san uaimh i bhfearann Eafrón an Hiteach, 30 san uaimh i bhfearann Mhacpaelá lastoir de Mhamrae i dtír Chanán, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha. 31 Ansiúd a adhlacadh Abrahám agus Sárá a bhean; ansiúd a adhlacadh Íosác agus a bhean Ribeacá; ansiúd a rinne mé Léá a adhlacadh - 32 san fhearann agus san uaimh ann, is é sin, a ceannaíodh ó na Hitigh.” 33 Nuair a bhí deireadh a threoracha tugtha ag Iacób dá chlann mhac, tharraing sé a chosa chuige suas sa leaba, d'imigh an dé deiridh as agus cruinníodh mar sin chun a mhuintire féin é. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart