Matha 13:3 - An Bíobla Naofa 1981 Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼiomaí sin ní a dʼinis sé dóibh i bhfáithscéalta, agus dúirt sé: “Chuaigh síoladóir amach a chur síl. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus labhair sé mórán neithe leo i bhfáithscéalta, ag rádh: Féach, chuaidh an curadóir amach a chur síl. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do mhúin sé mórán neithe i samhlaoidibh dhóibh, agus adubhairt sé, Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do labhair sé móran ríu a gcosamhlachduibh, ag rádh, Féuch, do chuáidh síoladóir a mach do chur síl; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do dhein sé a lán cainte leó i bhfuirm soluídí, agus dubhairt sé: Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. |
An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: “Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.”
Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir aoir mar gheall air? Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad: “Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad - cá fhad eile? - agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”
Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas.
Ach foghlaimígí ón gcrann fígí an parabal seo: Nuair a bhíonn an ghéag go húr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achmaireacht.
Thosaigh sé ar labhairt leo i bparabail. “Rinne fear fíonghort a phlandáil, fál a chur timpeall air, cantaoir a thochailt ann agus túr a thógáil, chuir ar cíos ansin chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigríoch.
Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad leo.
Ghlaoigh sé chuige iad agus labhair sé i bparabail leo: “Conas a fhéadann Sátan Sátan a chaitheamh amach?
Agus dúirt sé leo: “An ea nach dtuigeann sibh an parabal seo? Conas a gheobhaidh sibh fios ar na parabail uile?
Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a d'fhéad siad éisteacht leis.
Dúirt Peadar ansin: “A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?”
Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’
Labhair mé an méid sin libh i solaoidí. Tá an t‑am ag teacht, nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí, ach inseoidh mé daoibh go soiléir mar gheall ar an Athair.