Habacúc 2 - An Bíobla Naofa 1981An Dara Oracal 1 Seasfaidh mé ar mo thúr faire; glacfaidh mé m'ionad ar mo rampar, agus beidh mé ar m'fhaichill ansin féachaint céard a déarfaidh sé liom, nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid. 2 Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá: “Scríobh síos an fhís; déan í a ghreanadh ar leaca ionas go mbeidh sé furasta í a léamh. 3 Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche. 4 Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige; ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.” Mallachtaí ar Lucht Ansmachta Réamhrá 5 Go deimhin is go dearfa is fealltach an ní é an [saibhreas]. Duine uaibhreach corrthónach is ea an té a leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól, agus atá chomh doshásaithe leis an mBás, an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uile agus a thiomsaíonn na náisiúin go léir ar mhaithe leis féin. 6 Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir aoir mar gheall air? Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad: “Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad - cá fhad eile? - agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.” Mairg in Aghaidh na Sainte 7 Nach n‑éireoidh do chreidiúnaithe go tobann? Nach ndúiseoidh siad siúd a chuirfidh ar ballchrith thú? Ansin creachfaidh siad thú. 8 De bhrí gur chreach tú mórán ciníocha creachfaidh na náisiúin eile go léir thusa mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d'imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti. In Aghaidh an Bhrabúis Éagóraigh 9 Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin, chun a nead féin a shuíomh os ard agus chun lámh an oilc a sheachaint. 10 Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú; nuair a bhasc tú mórán náisiún, is é d'anam féin a chaill tú. 11 Óir tá na clocha féin ag glaoch amach ón mballa agus tugann na bíomaí freagra orthu ón gcreatlach adhmaid. In Aghaidh an Fhoréigin 12 Is mairg don fhear a thógann baile le fuil agus a bhunaíonn cathair le héigeart. 13 Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha. 14 Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarna mar a chlúdaíonn an t‑uisce grinneall na mara. In Aghaidh na Danarthachta 15 Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana, agus a dhoirteann amach a chuid nimhe nó go mbíonn siad ar meisce aige le súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht. 16 Tá tú líonta le náire in ionad na glóire. Ól tú féin chomh maith agus nocht d'fhorchraiceann. Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarna agus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir. 17 Mar bascfar thú de dheasca na hainíde a thug tú ar an Liobáin agus beidh díothú na n‑ainmhithe ina ábhar scéine duit, mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d'imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti. 18 Cén tairbhe é íomhá ghreanta le go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith? nó dealbh teilgthe, oracal bréagach, le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín inti agus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige? In Aghaidh an Íoladhartha 19 Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: “Múscail thú féin”; agus leis an gcloch bhalbh: “Éirigh.” An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh? Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgead ach níl puth anála ann. 20 Ach tá an Tiarna ina theampall naofa; bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart