ansin d'fhéadfaí freisin mo chonradh le Dáiví mo shearbhónta a bhriseadh ionas nach mbeadh mac aige le rialú ina chathaoir ríoga, agus mar an gcéanna leis na sagairt Léivíteacha is searbhóntaí domsa.
Lúcás 20:41 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo ansin: “Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ar seisean leo, “Conas a deirtear gur mac le Dáibhí é an Críost? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo: Cad é mar deir siad gur mac do Dháibhidh an Críost, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo, Cionnas adeir siad gur mac do Dháibhi an Críost? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé ríu, Cionnas a déirid síad gur mac do Dháibhi Criosd? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Conus adeirid siad Críost a bheith ’n-a mhac ag Dáibhid, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo ansin: “Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost? |
ansin d'fhéadfaí freisin mo chonradh le Dáiví mo shearbhónta a bhriseadh ionas nach mbeadh mac aige le rialú ina chathaoir ríoga, agus mar an gcéanna leis na sagairt Léivíteacha is searbhóntaí domsa.
Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”
Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”
Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir,
“Mise, Íosa, a sheol m'aingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí. Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.”