Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 33:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 ansin d'fhéadfaí freisin mo chonradh le Dáiví mo shearbhónta a bhriseadh ionas nach mbeadh mac aige le rialú ina chathaoir ríoga, agus mar an gcéanna leis na sagairt Léivíteacha is searbhóntaí domsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Annsin fós féadthar mo chunnradh ré Dáibhi mo sheirbhíseach do bhriseadh, nach bíath mac aige do ríoghadh iona chathaóir; agus ris na Lebhítibh na sagairt, mo sheirbhísigh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 33:21
16 Tagairtí Cros  

Seasann mo theach daingean i láthair Dé, mar rinne sé conradh síoraí liom, agus d'fhág gach ní in eagar go teann. Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé gach ní is mian liom?


Ach ní scriosfadh an Tiarna teaghlach Dháiví de bharr an chonartha a rinne sé le Dáiví agus de bhrí go raibh sé dílis don ghealltanas a thug sé go bhfágfadh sé lampa aige féin agus ag a shliocht go brách.


daingneoidh mé do ríchathaoir, de réir an chonartha a rinne mé le Dáiví d'athair á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí i ríchathaoir Iosrael.’


Tiocfaidh bláth ann ar bhuinneán Dháiví; réiteoidh mé lóchrann do m'ungthach.


ach ní bhainfidh mé mo bhuanghrá de go deo; ná ní rachaidh mé siar ar mo bhriathar.


Aon uair amháin a mhionnaigh mé; dar mo naofacht, nach ndéanfainn bréag le Dáiví.


Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.


Óir na spéartha nua agus an talamh nua atá á gcruthú agam, díreach mar a bheidh siadsan buan i mo láthair, briathair an Tiarna, is amhlaidh a bheidh bhur gcine agus bhur n‑ainm buan chomh maith.


Ní bheidh in easnamh ach an oiread ar shagairt na Léivíteach sliochtach fireann a sheasfaidh i mo láthairse a ofráil íobairte loiscthe, a loscadh abhlainne agus a ofráil íobairte gach lá.’ ”


Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.


agus rinne tú díobh ríocht agus sagairt dár nDia, agus rialóidh siad ar talamh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí