Lúcás 2:49 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m'Athar nárbh fholáir dom bheith?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt sé leo, “Cad chuige daoibh bheith do mo chuardach? An é nár thuig sibh go mba dhual athar dom bheith sa teach athartha?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean leo: Cad chuige a raibh sibh mo chuartughadh? Nach raibh a fios agaibh go bhfuil agam-sa le bheith ag gabháil do na neithe a bhaineas le m’Athair? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean leo, Cad chuige a rabhabhar ar mo lorg‐sa? nach raibh a fhios agaibh go gcaithfinn gnótha m’Athar do dhéanamh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision ríu, Créd fá rabhabhair dom lorgaireachdsa? An né nach raibh a fhios agaibh gur bhéigin damhsa bheith ag déanamh ghnódhaighthe Mathar? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg? Ná raibh ’fhios agaibh nách foláir mé bheith ins na neithibh a bhaineann le m’Athair? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach mʼAthar nárbh fholáir dom a bheith?” |
“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.
Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol.
Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cráite.”
Dúirt Íosa leo: “Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.
Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m'Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.”
Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.
Óir tháinig mé anuas ó neamh ní chun go ndéanfainn mo thoil féin ach toil an té a chuir uaidh mé.
An té a chuir uaidh mé, tá sé in éineacht liom. Níor fhág sé i m'aonar mé, óir déanaim i gcónaí na nithe is taitneamhach leis.”
Fad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh; tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d'aon duine obair a dhéanamh.