Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 9:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Fad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh; tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d'aon duine obair a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Caithfimid oibreacha an té a chuir anseo mé a shaothrú amach, fad agus atá sé ina lá; tá an oíche ag teacht, nuair nach féidir do dhuine bheith ag obair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Is éigean damh-sa oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh, a fhad agus tá an lá ann: tá an oidhche ag teacht, nuair nach féidir do dhuine ar bith obair a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Caithfimíd oibreacha an té do chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann: atá an oidhche ag teacht nuair nach bhféadann aon duine obair do dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Is éigean damhsa oibreacha an té ó dtáinig mé do dhéunamh, an feadh as lá é: atá a noidhche ag teachd, ann nach bhféadann áonduine obuir dhéunamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Tá orm-sa oibreacha an t-é a chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann; tá an oidhche ag teacht nuair nách féidir d’aoinne obair a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Fad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh; tá an oíche ag teacht nuair nach féidir dʼaon duine obair a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 9:4
18 Tagairtí Cros  

Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.


Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.’


Dúirt sé le fear na láimhe seargtha: “Tar i leith.”


D'fhreagair Íosa iad: “Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó m'Athair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?”


Mura ndéanaim oibreacha m'Athar, ná creidigí mé.


Dúirt Íosa leo ansin: “Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh. An té a shiúlann sa dorchacht, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.


Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.


Dúirt Íosa leo: “Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.


Thug Íosa freagra: “Amen, Amen, a deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.


Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.


Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Beidh mé faraibh tamall beag fós, ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé.


Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.”


Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh.


ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo.


Bígí críonna in bhur gcaidreamh leis na díchreidmhigh agus bainigí leas iomlán as an deis atá agaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí