Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 9:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 D'fhreagair Íosa: “Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Is é a dʼfhreagair Íosa, “Ní de bharr pheaca an fhir seo ná pheaca a thuismitheoirí a tharla seo, ach mar dhúil is go nochtfaí mórfhearta Dé air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 D’fhreagair Íosa: Níor pheacuigh sé seo, ná a athair agus a mháthair: acht chun go bhfoillsightí oibreacha Dé ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 D’fhreagair Íosa, Ní h‐é gur pheacuigh sé seo ná a athair ná a mháthair: acht chum go bhfoillseochaidhe oibreacha Dé tríd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Do fhréaguir Iósa, Níor pheacuidh sé so, ná a athair agus a mhathair: achd do chum go bhfoillséochtháoioibreacha Dé ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 D’fhreagair Íosa: Níor pheacaigh sé seo ná a athair ná a mháthair; ach chun go dtaisbeánfaí oibreacha Dé ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Dʼfhreagair Íosa: “Ní hamhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 9:3
16 Tagairtí Cros  

Is maith is eol dom bhur smaointe Agus na bearta atá á dtaibhreamh daoibh i m'aghaidh,


Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia].


Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: “Tá fraoch feirge orm i d'aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.


tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.


Arna chloisteáil sin d'Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.”


Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?”


Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.”


Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.


Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann.


Mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc gur sheol sé a aonMhac sa saol le go mairimis-ne trídsean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí