Matha 21:12 - An Bíobla Naofa 198112 Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)12 Agus chuaigh Íosa isteach i dteampall Dé agus thiomáin sé amach as an teampall gach uile dhuine a bhíodh ag ceannach nó ag díol ann, agus chaith sé bun os cionn na boird a bhí ag lucht díolta na gcolm. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara12 Agus chuaidh Íosa isteach i dteampall Dé, agus thiomáin sé amach a raibh ag díol agus ag ceannach san teampall, agus leag sé táblaí na malartóirí airgid agus cathaoireacha lucht díolta na gcolmán: Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)12 Agus do chuaidh Íosa isteach i dteampall Dé, agus do ruaig sé amach iad‐san do bhí ag díol agus ag ceannach sa teampall, agus do leag sé ar lár búird lucht malairte an airgid, agus suideacháin na ndaoine do bhí ag díol colm; Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Agus do chúaidh Iósa a sdeach go teampoll Dé, agus do theilg sé amach a raibh ag reic agus ceannach annsa teampoll, agus do theilg sé buird luchd malarta a nairgid air lár, agus caithreacha luchd reactha na gcolum, Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)12 Agus chuaidh Íosa isteach i dteampul Dé agus chomáin sé amach as gach a raibh de dhaoine ann ag díol agus ag ceannach, agus do leag sé búird lucht airgid do shóinseáil agus cathaoireacha lucht colúr a dhíol. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201212 Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol. Féach an chaibidil |