An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.”
Lúcás 1:37 - An Bíobla Naofa 1981 Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar níl ní nach féidir le Dia a dhéanamh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir ní bhéidh nídh ar bith do-dhéanta ag Dia. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir ní bhéidh éinnidh do‐dhéanta do Dhia. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír ní bhía ní ar bith doidhéunta do Dhia. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir ní bheidh rádh ar bith nách féidir do Dhia. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.” |
An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.”
Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
Ach ní mór an ní is fiú an méid sin i súile an Tiarna, mar cuirfidh sé Móáb féin faoi bhur smacht.
‘Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse.
‘Féach, is mise an Tiarna, Dia an uile dhuine: an bhfuil ní ar bith dodhéanta dom?’
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Más geall le míorúilt é seo le hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin, an gá gurb ionadh liomsa é?” - a deir Tiarna na Slua.
“Ar giorraíodh lámh an Tiarna?” arsa an Tiarna le Maois, “feicfidh tú anois an gcomhlíonfar mo gheallúint duit nó nach ndéanfar.”
Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”
Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine ach níl ag Dia; óir tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”
Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid.
Dúirt Muire: “Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d'fhocail.” Agus d'imigh an t‑aingeal uaithi.
Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.