Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 17:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus níor caitheamh bairille na mine, agus ní mó do theasduigh do chrúisgín na hola, do réir fhocail an TIGHEARNA, noch do labhair sé tre Elias.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 17:16
13 Tagairtí Cros  

Agus phléasc an altóir agus scaipeadh an luaithreach ón altóir, de réir an chomhartha a thug an giolla Dé ar ordú an Tiarna.


Scrios Zimrí teaghlach Bháiseá go léir de réir bhriathar an Tiarna a labhair sé ó bheal an fháidh Iéahú,


D'imigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus d'ith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta.


Tamall ina dhiaidh sin bhuail taom tinnis mac na mná, bean an tí; bhí sé chomh breoite sin nár fhan an dé ann.


Níodar an carbad ag Linn na Samáire; mar a níodh na striapacha iad féin, agus ligh na madraí a chuid fola de réir an bhriathair a labhair an Tiarna.


Agus fuair sé bás de réir bhriathar an Tiarna a labhair Éilias. De bhrí nach raibh aon mhac aige, tháinig Iahórám, [a dheartháir,] i gcoróin ina dhiaidh, sa dara bliain de réimeas Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá.


Ansin chuaigh sé síos agus thum é féin seacht n‑uaire sa Iordáin de réir chomhairle ghiolla Dé. Agus leigheasadh a chneas mar a bheadh cneas naíonáin ann agus bhí sé glan.


Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”


tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d'ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.


Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.”


Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí