Zacairia 8 - An Bíobla Naofa 1981Oracail Mheisiasacha 1 Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom mar a leanas: 2 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Tá teasghrá éadmhar agam do Shíón, a mhúsclaíonn tocht díograise ionam di.” 3 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Fillfidh mé ar Shíón agus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim. Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim, Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.” 4 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh seanfhir agus seanmhná ina suí arís i gcearnóga Iarúsailéim; beidh bata ag gach duine díobh ina láimh de dheasca a sheanaoise. 5 Agus beidh cearnóga na cathrach lán de bhuachaillí agus de chailíní agus iad ag súgradh iontu.” 6 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Más geall le míorúilt é seo le hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin, an gá gurb ionadh liomsa é?” - a deir Tiarna na Slua. 7 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Sábhálfaidh mé mo phobal ón domhan thoir agus ón domhan thiar. 8 Tabharfaidh mé ar ais iad chun cónaí a dhéanamh in Iarúsailéim. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan go dílis agus go cóir.” 9 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Músclaígí bhur misneach, sibhse atá ag éisteacht sna laethanta seo leis na briathra seo ó bhéal na bhfáithe atá ag déanamh tairngreachta, ón lá ar leagadh bunsraith theach Thiarna na Slua, ionas go n‑atógfaí an Teampall. 10 Óir, roimh na laethanta seo ní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí, agus, mar gheall ar a chuid naimhde, ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuine agus é ag dul i mbun a ghnó; mar bhí mé tar éis an uile dhuine a chur in aghaidh a chomharsan. 11 Ach anois ní chaithfidh mé le hiarmhar an phobail seo faoi mar a chaith mé leo tráth,” a deir Tiarna na Slua. 12 “Beidh rath agus bláth ar a síol; tabharfaidh an fhíniúin a caora agus an talamh a thorthaí; fearfaidh na spéartha a ndrúcht, agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seo i seilbh na maitheasaí seo go léir. 13 Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún, a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael, sin mar a shábhálfaidh mé sibh nó go mbeidh sibh in bhur n‑ábhar beannachtaí dóibh; ná bíodh aon eagla oraibh mar sin ach músclaígí bhur misneach.” 14 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Faoi mar a bheartaigh mé dochar a dhéanamh daoibh nuair a chuir bhur n‑aithreacha fearg orm,” a deir Tiarna na Slua, “agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi, 15 sin mar atá sé beartaithe agam athuair rath a chur ar Iarúsailéim agus ar theaghlach Iúdá sna laethanta seo. Ná bíodh eagla oraibh. 16 Is iad seo na haitheanta atá le comhlíonadh agaibh: labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa; ag bhur ngeataí tugaigí fíorbhreithiúnais, a bhuanóidh an tsíocháin eadraibh; 17 ná beartaíodh aon duine agaibh olc ina chroí in aghaidh a chomharsan; agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige; óir, is fuath liom na nithe sin go léir,” a deir an Tiarna. 18 Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas: 19 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú agus an seachtú agus an deichiú mí ina n‑ábhar áthais agus lúcháire agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá. Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.” 20 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Tiocfaidh ciníocha eile fós, áitritheoirí cathracha móra. 21 Agus rachaidh áitritheoirí cathrach amháin go ceann eile, á rá: ‘Téimis láithreach chun impí a dhéanamh ar an Tiarna agus chun Tiarna na Slua a lorg. Táimse féin ag dul.’ 22 Tiocfaidh mórán ciníocha agus náisiún tréan chun Tiarna na Slua a lorg in Iarúsailéim agus chun impí a dhéanamh ar an Tiarna.” 23 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fear as gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige, greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá: ‘Lig dúinn dul in éineacht leat, óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.’ ” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart