Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 32:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 ‘Féach, is mise an Tiarna, Dia an uile dhuine: an bhfuil ní ar bith dodhéanta dom?’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Féuch, is misi an TIGHEARNA, Día na nuile fhéola: an bhfuil ní ar bith ro chruáidh orum?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 32:27
15 Tagairtí Cros  

An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.”


Ach ní mór an ní is fiú an méid sin i súile an Tiarna, mar cuirfidh sé Móáb féin faoi bhur smacht.


Is duit is dleacht ár moladh i Síón, a Dhia. Is duit a chomhlíonfar ár móid,


Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n‑athair. Sinne an chré, tusa an potaire, agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.


‘Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse.


Ansin tháinig briathar an Tiarna [chugamsa]:


Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Más geall le míorúilt é seo le hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin, an gá gurb ionadh liomsa é?” - a deir Tiarna na Slua.


“Ar giorraíodh lámh an Tiarna?” arsa an Tiarna le Maois, “feicfidh tú anois an gcomhlíonfar mo gheallúint duit nó nach ndéanfar.”


Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”


“Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil,


Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”


agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’ ”


faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine, ionas, gach duine a thug tú dó, go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí