Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn. Is éachtach é a chumhacht agus a chothroime Agus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt.
Iób 9:10 - An Bíobla Naofa 1981 Eisean a dhéanann éachtaí thar cuimse Agus iontais thar áireamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Noch do ní neithe móra nach féidir dfagháil amach; agus fós ionganta gan áireamh. |
Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn. Is éachtach é a chumhacht agus a chothroime Agus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt.
Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha, Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.
Is é an t‑aon neach amháin é a dhéanann móréachtaí, óir maireann a bhuanghrá go brách.
Is mór an Tiarna agus is inmholta thar cuimse é; ní féidir a mhórgacht a mhionransú.
Fógróidh mo bhéal d'fhíréantacht agus do chúnamh ó lá go chéile óir ní fios dom a líon ná a n‑áireamh.
Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?
Gach uile ní a dhéanann Dia, oireann sé dá thráth féin; ach bíodh gur chuir sé ar chumas an duine machnamh a dhéanamh ar imeacht an ama ina iomláine, ní féidir leis an duine an obair a dhéanann Dia ó thús go deireadh a thuiscint.
Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!
Glóir don té úd ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a d'iarrfaimisne nó smaoineamh féin air, tríd an gcumhacht atá ag obair ionainn.