Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamh rachadh a gcomhaireamh díom.
Gach uile ní a dhéanann Dia, oireann sé dá thráth féin; ach bíodh gur chuir sé ar chumas an duine machnamh a dhéanamh ar imeacht an ama ina iomláine, ní féidir leis an duine an obair a dhéanann Dia ó thús go deireadh a thuiscint.
An ea nach bhfuil fhios agat? An ea nach eol duit é? Dia síoraí is ea an Tiarna, is é a chruthaigh críocha na talún. Ní thagann tuirse air ná traochadh agus níl léamh ar a eagna.